From Wikipedia, the free encyclopedia
Bás chealla matánacha an chroí is ea ionfharchtadh miócairdiach, nó taom croí, a tharlaíonn nuair a choinnítear ocsaigin ó na matáin. Is féidir go dtarlóidh ionsaithe aingíne chléibh roimhe.
Is é an siomptóm is suntasaí ná pian sa chliabhrach nach dtránn ar feadh tréimhse fhada uaireanta, fiú nuair a ghlacann an duine suaimhneas, ní hionann is aingíne, a laghdaíonn nuair a luíonn duine síos ar a shuaimhneas. Go minic tarlaíonn giorra anála, cur allais, agus urlacan.
Feictear athruithe suntasacha diagnóiseacha ar an leictreacardagram. Braitheann na hiarmhairtí ar ionad an damáiste don chroí agus méid an mhatáin atá millte. Más beag é, is féidir nach gcuirfidh sé isteach an oiread sin ar dhuine: lá nó dhó tuirse nó mar sin, agus tagann sé chuige féin go tapa. Ach más mór é, féadfaidh cliseadh croí, suaitheadh mór i rithim an chroí, stad cairdiach, agus bás tarlú.
Tá raon leathan cóireálacha éigeandála ann, ina measc instealladh drugaí chun bac a chur ar théachtadh na fola sna hartairí corónacha is cabhrú le matán sláintiúil an chroí, dífhibriliú an chroí le dífhibrilitheoir, cúram cairdiascamhógach, agus eile.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.