From Wikipedia, the free encyclopedia
Thosaigh Cúiseamh Donald Trump i Nua-Eabhrac, an cás The People of the State of New York v. Donald J. Trump, i Nua Eabhrac ar an 15 Aibreán 2024, an chéad triail choiriúil riamh d'iar-uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí Donald Trump os comhair na cúirte ar dhíotálacha feileonacha, gur fhalsaigh sé taifid ghnó chun airgead tosta, a deirtear gur íoc sé don striapach Stormy Daniels, a fholú, díreach roimh an toghchán uachtaránachta in 2016.
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) The People of the State of New York v. Donald J. Trump | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | indictment (en) cás coiriúil | |||
Cuid de | March 2023 Donald Trump arrest rumors (en) agus indictments against Donald Trump (en) | |||
Dáta foilsithe | 4 Aibreán 2023 | |||
Príomhábhar | Stormy Daniels–Donald Trump scandal (en) Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe, 2016 | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | New York Supreme Court (en) | |||
Donald Trump | ||||
Alvin Bragg | ||||
Stormy Daniels | ||||
Rannpháirtí | ||||
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla | |||
Cosantóir | ||||
Cúirt | New York Supreme Court (en) | |||
Breitheamh | Juan Merchan (en) | |||
Haischlib | #TrumpIndictment, #LockHimUp agus #TrumpForPrison |
Bhí na líomhaintí uilig[1] séanta ag Trump[2] agus bhain Trump leas as scéal a dhíotála chun a lucht tacaíochta a ghríosú.[3]
I mí na Márta 2023, vótáil Ard-Ghiúiré i Nua Eabhrac ar son Trump a dhíotáil mar chuid d’fhiosrúchán fada a rinne Oifig Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan.
I mí Aibreáin 2023 i gcúirt in Manhattan, thóg méarlorg Trump agus pictiúr dá aghaidh mar a dhéantar le gach cosantóir i gcás coiriúil.[3] Phléadáil Donald Trump neamhchiontach. Nuair a tháinig deireadh leis an díotchúiseamh, scaoileadh saor Trump le filleadh ar Florida.
Níor chuir na cúisimh aon chosc ar Trump a bheith mar iarrthóir d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh ná a bheith ina Uachtarán arís ar na Stáit Aontaithe.
Thosaigh na himeachtaí cúirte i Manhattan i mí na Márta 2024 agus tháinig an giúiré ar chinneadh ar an 30 Bealtaine 2024.[4]
Rinneadh íocaíochtaí le linn toghchán uachtaránachta 2016 – íocaíochtaí le "Stormy Daniels", aisteoir i scannáin phornagrafaíochta, striapach agus mainicín Playboy. Rinne dlíodóir Trump, Michael Cohen,[5] an íocaíocht le Daniels sna laethanta roimh thoghchán uachtaránachta 2016, ionas nach sceithfeadh sí an scéal faoin gcaidreamh a deir sise a bhí aici le Trump. Ach bhain na cúiseanna go sonrach le taifid ghnó bhréige a chur le chéile le hintinn calaois a dhéanamh agus coireanna eile a cheilt.
Phléadáil Donald Trump neamhchiontach i gcúirt in Manhattan i ngach ceann de 34 cúis a cuireadh ina leith[6] maidir lena bhaint le cás inar íocadh airgead ionas nach sceithfí eolas faoi.[7]
Dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg. gur inis Trump bréaga “arís is arís eile” chun coireanna a bhain le toghchán uachtaránachta 2016 a cheilt. “Sháraigh an tseift seo dlí toghchánaíochta Nua-Eabhrac, a deir gur coir atá ann dul i mbun comhcheilge chun iarrthóir a chur chun cinn go mídhleathach,” a dúirt Bragg.
De réir fhianaise Michael Cohen, d’íoc seisean an t-airgead le Stormy Daniels, agus bheartaigh an bheirt fhear plean faoina d’íocfadh Donald Trump an t-airgead ar ais leis i ranníocaíochtaí. D’aontaigh siad go gcruthóidís bréagshonraisc ina mbeadh sé tugtha le fios gur cúiteamh as obair dhlíthiúil a bhí sna ranníocaíochtaí, ach cur i gcéill a bhí ann.[8]
Le linn na trialach, dúirt dlíodóirí ar son Trump nach bhféadfaí Cohen a chreidiúint; gur coirpeach ciontaithe a bhí ann.
Dúirt Trump nach raibh aon rud mícheart déanta aige agus gurb amhlaidh go raibh géarleanúint á déanamh air ar mhaithe le cur as don toghchán.[3] Ag an am céanna, bhí Trump ag baint leas as na cásanna cúirte ar fad atá ina aghaidh le bolscaireacht a chruthú dó féin. Bhí suim na meán in imeachtaí na gcásanna éagsúla ag cur leis an méid poiblíochta a bhí á fháil aige.
Bhí sé deacair giúiré a roghnú - próiseas a thóg tamall mar d'admháil roinnt mhaith iarrthóirí don ghiúiré nach raibh siad neamhchlaonta. Bhí ar Trump freastal ar an gcúirt gach lá a bhí an cás ar siúl.
Thug an breitheamh ordú do Trump gan a bheith ag déanamh trácht ar an gcás ar na meáin shóisialta.[2] Tamaill níos déanaí, in iarracht teacht timpeall ar an ordú, rinne Trump tagairt d’iníon Juan Merchan,[9] an breitheamh, ar na meáin shóisialta, chomh maith le cúpla ionsaí eile a dhéanamh ar obair na cúirte.[10]
Chaith an giúiré dhá lá i mbun machnaimh. Faoi dheireadh, ar an 30 Bealtaine 2024, cúisíodh Trump sna cúiseanna ar fad a cuireadh ina leith.[11] Sa deireadh, chinn an giúiré go raibh go leor fianaise ann, seachas ráitis Michael Cohen, chun Trump a chiontú.[8][6]
Bhí sé ráite ag dlíodóir Trump, Todd Blanche, go bhfuil Trump le hachomharc a dhéanamh. Ach gearrfar píonós ar Trump i mí Iúil. "Chomh luath is a bheith sé sin curtha i gcrích, cuirfimid tús leis an achomharc", a dúirt Blanche.[8]
In ainneoin go bhfuil Trump ciontaithe i 34 cúis, níl aon bhac air seasamh sa toghchán uachtaránachta ar an 5 Samhain 2024.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.