Io (gealach)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Satailít de chuid Iúpatair is ea Io. Tá sí ar ceann de Ghealacha Galileo, is é sin, na gealacha de chuid Iúpatair ar chuir Galileo Galilei sonrú iontu roimh aon duine eile. Tá Io ar an gceathrú gealach is mó sa Ghrianchóras ar fad, nó níl ach Tíotán, Ganymede, agus Callisto níos mó ná í.
Fíricí Gasta Cineál, Fionnachtaí ...
Io | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Cineál | gealach de chuid Iúpatair agus gnáthghealach | ||||||
Fionnachtaí | Galileo Galilei | ||||||
Dáta fionnachtana | 8 Eanáir 1610 | ||||||
Eapainm | Io | ||||||
Réad tuismitheora | Iúpatar | ||||||
Sonraí fithiseacha | |||||||
Apaipsis | 423,400 km | ||||||
Pearaipsis | 420,000 km | ||||||
Ais mhór a | 421,800 km | ||||||
Éalárnacht e | 0.0041 | ||||||
Tréimhse fhithiseach P | 1.769137786 d | ||||||
Claonadh i | 2.213 ° | ||||||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||||||
Ga | 1,821.6 km | ||||||
Trastomhas | 3,660 km | ||||||
Méid dhealraitheach (V) | 5.02 (banda V) | ||||||
Achar dromchla | 41,910,000 km² | ||||||
Mais | 89.296 Yg[1] | ||||||
Toirt | 2,530,000,000 km³ | ||||||
Meándlús | 3.528 g/cm³ | ||||||
Imtharraingt dromchla | 1.796 cm/s² | ||||||
Ailbéideacht | 0.63 | ||||||
Teocht an dromchla |
| ||||||
Cuid de | Gealacha Galileo | ||||||
Le cuid |
Dún
Is minic a chuirtear Io i gcomparáid le píotsa, ós rud é go bhfuil sí breac leis na bolcáin, agus iad ag breathnú cosúil le sliseoga tráta ar screamh cáise an phíotsa. Is í Io an réad is mó bolcánachais sa Ghrianchóras.