From Wikipedia, the free encyclopedia
Foras léannta í Institiúid na Staire Comhaimseartha (Gearmáinis: Institut für Zeitgeschichte) a bunaíodh i München sa bhliain 1949. Ar dtús, is é an t-ainm a bhí ar an Institiúid ná Deutsches Institut für die Geschichte der nationalsozialistischen Zeit ("Institiúid na Gearmáine um Stair na Tréimhse Sóisialaí Náisiúnta"), ach fuair sí an t-ainm atá uirthi inniu chomh luath leis an mbliain 1952. Ba iad Saorstát na Baváire agus Poblacht Fheidearálach na Gearmáine a bhunaigh an institiúid in éineacht, i ndiaidh dóibh spreagadh a fháil ó na Comhghuaillithe. Sa bhliain 1994, bhunaigh an Institiúid brainse i bPotsdam in aice le Beirlín, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin d'aistrigh an brainse go Lichtenfelde i mBeirlín, in aice le brainse áitiúil Chartlann Fheidearálach na Gearmáine, nó an Bundesarchiv.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | institiúid um thaighde | ||||
Réimse oibre | stair chomhaimseartha | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1949 | ||||
Suíomh a chartlainne | |||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Leibniz Association (en) Coalition for Advancing Research Assessment (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Oibreoir | an Ghearmáin | ||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Andreas Wirsching (en) (2011–) | ||||
Stiúrthóir/bainisteoir | Andreas Wirsching (en) (2011–) | ||||
Máthaireagraíocht | Leibniz Association (en) | ||||
Codanna | |||||
Suíomh gréasáin | http://www.ifz-muenchen.de/ | ||||
Tá an Institiúid dírithe ar stair an Naitsíochais ó bunaíodh í, ach inniu, bíonn sí ag plé le stair chomhaimseartha eile fosta. Foilsíonn an Institiúid ráitheachán léannta, Vierteljahreshefte für Zeitgeschichte ("Iris Ráithiúil na Staire Comhaimseartha"), agus tá clú agus cáil ar leabharlann an fhorais freisin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.