Imircigh Éireannacha i Meiriceá i lár an Naoú hAois Déag
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ó 1820–1920, tháinig cúig mhilliún imirceach Éireannach go Meiriceá.[1] Cé gur tháinig an líon is mó d’imircigh Éireannacha thall go Meiriceá i rith tréimhse an Ghorta Mhóir, bhí imircigh Éireannacha ag teacht go Meiriceá roimhe seo. Ó 1820–1840, ba é seo tústréimhse na Réabhlóide Tionsclaíche i Meiriceá.
Cineál | Imirce daonna |
---|---|
Pointe imeachta | Éire |
Críochphointe | Meiriceá Thuaidh |
Ní raibh ráta ard inimirceach toisc go raibh táirgeacht íseal ann agus bhí an tionsclaíocht óg sa tír. Oibrithe oilte den chuid is mó a bhí sna hinimircigh an tráth sin. Ach idir 1846 agus 1920, ba ghá oibrithe neamhoilte a earcú de réir mar a bhí an geilleagar ag fás faoi thionchar na réabhlóide tionsclaíche.[2]
Mheall rath an réabhlóid tionsclaíoch na glúine nua d’inimircigh Éireannach toisc go raibh geilleagar na hÉireann ina phraiseach tar éis an Gorta Mór. Sna 1940idí, b'ionann líon na n-inimirceach Éireannach i Meiriceá agus leath an phobail inimircigh sa tír. Is figiúr suntasach é seo toisc níor éirigh le daonra Éireann dul thar 8.5 milliún duine.[1]