Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon , a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.
Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha (seanaimseartha anois) agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon.
Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo.
I measc na seirbhísí is mó a úsáidtear ar an Idirlíon, tá:
I measc na seirbhísí nach bhfuil in úsáid chomh mór sin níos mó, tá:
cinsireacht
I measc na réimsí úsáide atá ag an Idirlíon, tá:
Cumarsáid – Ríomhphost , seomraí comhrá , glór thar IP (VOIP ), grúpaí nuachta , srl.
Siamsaíocht – Físeáin de gach saghas (pornagrafaíocht ach go háirithe), irisí ar líne, ceol ar líne, cluichí ar líne, srl.
"dúphoill" Eolas – Tá eolas ar chuile ábhar ar líne. Tá sé furasta go leor teacht air le hinnill cuardaigh
Ríomhthráchtáil – Siopadóireacht ar líne, seirbhísí bainc, ceantanna ar líne, srl.
Oideachas – Tá an ríomhfhoghlaim ina réimse atá ag fás go mór
Bíonn roinnt roghanna ar fáil le ceangal leis an Idirlíon. Níl gach rogha ar fáil i ngach áit. I measc na roghanna atá ar fáil, tá:
Leathanbhanda thar an gcóras fóin nó thar xhábla: Líne Dhigiteach Rannpháirtí (DSL )
Úsáidtear an córas teileafóin
Luas ard – 1 Mbps +
Ceangailte i gcónaí
Is féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
Móideim DSL ag teastáil
Níl sé ar fáil go forleathan – caithfidh tú a bheith gar don mhalartán
Praghas ag ísliú de bharr iomaíochta ó sholáthraithe eile leathanbhand
Satailít /Gan Sreang
Roinnt soláthraithe ag cur seirbhísí gan sreang ar fáil
I gceantair áirithe, an t-aon rogha a bheadh níos sciobtha ná nasc dialaithe
Glacadóir speisialta nó mias satailíte ag teastáil
Nasc Dialaithe
Úsáidtear an córas teileafóin
Luas íseal – 56 Kbps ar a mhéid
Bíonn moill ceangail i gceist
Líne teileafóin gafa leis – ní féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
Móideim ag teastáil
An t-aon rogha atá ar fáil i gceantair áirithe
Samplaí: do chomhlacht fóin
Líonra Digiteach de Sheirbhísí Comhtháite (ISDN )
Líne ISDN (éagsúil ón líne fóin) ag teastáil
ar fáil go forleathan in Éirinn
Móideim ISDN ag teastáil
Luas réasúnta –
64 Kbps (líne shingil)
128Kbps (líne dhúbailte)
Níl bhíonn moill ceangail ann
Sách daor má bhíonn an dá líne in úsáid
aithreacha an WWW ... Robert Cailliau, Jean-François Abramatic, and Tim Berners-Lee sa bhliain 2004
1965 – Tosaíonn ARPA (Advanced Research Projects Agency - an Ghníomhaireacht um Tionscadail Forbartha Taighdear) ar an ARPANET a fhorbairt
1969 – Déantar an céad 4 óstach a cheangal le ARPANET: Stanford Research Institute , UCLA , UC Santa Barbara agus University of Utah
1971 – 23 óstach ar ARPANET
1973 – Ceanglaítear roinnt óstaigh i dtíortha eile
1974 – Deartar TCP/IP le húsáid ar ARPANET
1981 – 213 óstach ar ARPANET. Breis líonraí neamhspleácha á cheangal. Cruthaíonn NSF (National Science Foundation) a líonra fairsing fhéin nach raibh ceangailte le ARPANET
1982 – An téarma "Internet" luaite don chéad uair
1983 – TCP/IP in úsáid go caighdeánach
1986 – ARPANET agus NFSNET ceangailte
1987 – Breis agus 10,000 óstach ar an Idirlíon
1989 – Breis agus 100,000 óstach ar an Idirlíon
1992 – An WWW scaoilte ag CERN
1993 – An chéad bhrabhsálaí – Mosaic
1994 – Bunaíodh Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda . A lán óstaigh agus líonraí nua á gceangal leis an tIdirlíon. Is féidir pizza a ordú ó Pizza Hut tríd!!!
1996 – 10 milliún óstach
1996 – 1998 – Borradh mór i gcúrsaí tráchtála ar an nGréasán Domhanda
2000 – Pléascadh an .com
2007 – Tá éileamh ar cheol (m.sh. iTunes ), podchraoladh (m.sh. cláir raidió), VOIP (m.sh. Skype ), blagáil (m.sh. IrishBlogs.ie), cláir feasacháin (m.sh. boards.ie), srl.