From Wikipedia, the free encyclopedia
Treibh bhundúchasach, agus pobal 35,000 duine, a bhfuil cónaí orthu i bhforaois na hAmasóine, is ea na hIanómámaigh (nó Yanomami)
Cineál | pobal bundúchasach |
---|---|
Daonra iomlán | 26,780 (2019) |
Teanga | Yanomaman (en) |
Achar dromchla | 192,000 km² |
Tíreolaíocht | |
Stáit | an Bhrasaíl agus Veiniséala |
Léarscáil dáileacháin | |
Tá lucht na nIanómámach ina gcónaí ar an tearmann bundúchasach is mó sa Bhrasaíl, i stát Roraima ar theorainn Veiniséala.[1]
Aimsíodh ór ar thearmann na treibhe sna 1970idí agus ó shin i leith tá ionradh á dhéanamh de réir a chéile ar a gcuid tailte ag garimpeiros, mianadóirí mídhleathacha, agus ag a gcuid teaghlach siúd.
Idir 2018 agus 2022, agus lagú déanta ag rialtas iaruachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro, ar dhlíthe timpeallachta agus ar chosaint na bpobal bundúchasach sa tír, tháinig méadú as cuimse ar líon na mianadóirí mídhleathacha ar thailte na Yanomami – agus ar líon na hIanómámaigh a bhí ag fáil bháis den ocras, ó ghalair agus ó fhaillí thromchúiseacha na n-údarás.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.