![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bc/Provisional_IRA_badge_%2528crop%2529.png/640px-Provisional_IRA_badge_%2528crop%2529.png&w=640&q=50)
An tIRA Sealadach
Eagraíocht pharaimíleatach in Éirinn,1969–2005 / From Wikipedia, the free encyclopedia
Eagraíocht pharaimíleata phoblachtánach in Éirinn is ea an tIRA Sealadach (Provisional Irish Republican Army), nó na Sealadaigh, mar a thugtar orthu as Gaeilge go minic, atá meáite ar gach nasc a bhriseadh idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, an rialtas Briotanach i dTuaisceart Éireann a chur ar ceal agus oileán na hÉireann a athaontú faoi aon rialtas saor amháin. Tá cosc dlí ar an eagraíocht seo ina lán tíortha, go háirithe i bPoblacht na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ós rud é nach bhfuil ach meas na sceimhlitheoirí acu ar na Sealadaigh.
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | paraimíleatach (1969–2005) eagraíocht pholaitiúil (2005–) ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Poblachtánachas in Éirinn Éire Aontaithe náisiúnachas ar an eite chlé Náisiúnachas in Éirinn ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1969 | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
29 Lúnasa 1979 | 1979 Brussels bombing (en) ![]() ![]() | ||||
Cosúil leis na heagraíochtaí eile a dtugtar "IRA" orthu, tograíonn na Sealadaigh "Óglaigh na hÉireann" a thabhairt orthu féin as Gaeilge, cé nach dtaitníonn an úsáid seo le fórsaí armtha Phoblacht na hÉireann, ós é sin an t-ainm atá acu orthu féin, freisin.