Is éard is hidseab[1] nó hijab[2] (Araibis: حجاب) ann ná cineál caifirín nó clúdach cinn a chaitheann go leor ban Moslamacha.[3][4] Tá sé cosúil le héadaí cinn a chaitheann mná Giúdacha Ceartchreidmheacha (mar shampla an tichel), mná Críostaí áirithe (m.sh. an mantilla, caille chloiginn, nó gimpe),[5][6] agus go leor ban Hiondúch agus Suíceach (m.sh. an dupatta).[7][8][9] Is éard atá i gceist le hidseab is minice ná scaif a chastar timpeall an chinn a chlúdaíonn an ghruaig, an muineál, agus na cluasa, ach a fhágann an aghaidh gan chlúdach.[10] Tá borradh faoi úsáid an hidseab ar fud an domhain ó na 1970idí, agus tá go leor Moslamach den tuairim go léiríonn sé modhúlacht agus creideamh; caitear é mar mhaisiúchán freisin.[11] Sa lá atá inniu ann, tá scoláirí reiligiúnacha Ioslamacha ar aon intinn gur gá, nó gur fearr, an ceann a chlúdach, cé go dtugann roinnt scoláirí agus gníomhaithe Moslamacha le fios nach bhfuil údarás lena úsáid sa Chórán.[12][13]
An bhunchiall a bhí leis an bhfocal ḥijāb ná brat nó cuirtín a d'úsáidtí chun rialacha Ioslamacha a bhaineann leis an modhúlacht a chur i bhfeidhm.[14] Is é seo an bhrí atá leis an bhfocal i véarsaí an Chóráin, mar shampla i dtagairt don chuirtín idir príomhtheach Mhahamad agus lóistín a bhan céile. Dá bharr seo, creideann daoine áirithe go mbaineann an riail seo le mná céile Mhahamad amháin, seachas le gach bean.[15][16] Ní úsáidtear an focal ḥijāb ar bhall éadaigh áit ar bith sa Chórán, ach faightear téarmaí eile ann, mar shampla jilbab agus khimār.[17] Creideann roinnt daoine gurb é khimār (Araibis: خِمار ) an téarma ceart ar scaif chloiginn sa Chórán.[18][14][19][20]
Tá de dhualgas dlí ar mhná an hidseab a chaitheamh san Iaráin,[21] agus san Afganastáin faoi rialtas an Talaban.[22] Ó 2018 i leith, níl ceangal dlí a thuilleadh ar mhná san Araib Shádach é a chaitheamh.[23][24][25] I dtíortha eile, san Eoraip agus sa domhan Moslamach freisin,[26] cuirtear cosc ar an hidseab in áiteanna poiblí,[27][28][29] agus bíonn brú neamhoifigiúil ar mhná in áiteanna éagsúla ar fud an domhain an hidseab a chaitheamh nó gan é a chaitheamh.[28][29]
Sanasaíocht
Is é an focal Araibise ḥijāb (Araibis: حجاب) an t-ainm briathartha a thagann ón bhriathar ﺣَﺠَﺐَ (hajaba), ón bhfréamh trí litir ح ج ب (HJB), a chuimsíonn grúpa mór focal a bhaineann go príomha le ceilt, cur i bhfolach, agus blocáil.[30][31]
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.