Hairicín From Wikipedia, the free encyclopedia
Spéirling ollmhór, gan fasach, a bhuail deisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Lúnasa 2005, ab ea Hairicín Katrina. Ní raibh aon choinne ag muintir New Orleans leis an scrios agus an t-uafás a lean Hairicín Katrina.[1]
Hairicín catagóir 5 (SSHWS/NWS) | |
Imchuach aigéin | an tAigéan Atlantach |
---|---|
Cuid de | 2005 Atlantic hurricane season (en) |
Tréimhse | 23 - 31 Lúnasa 2005 |
Tír | na Bahámaí, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Cúba |
Is cúis le | International response to Hurricane Katrina (en) |
Gaotha marthanacha uasta | 150 kn , 1 nóiméad |
Brú atmaisféarach is ísle | 902 hPa |
Líon básanna | 1,836 |
Costas damáiste | 108,000 M$ (2005) |
Cumadh Hairicín Katrina i Mhurascaill Mheicsiceo ar an 23 Lúnasa. Idir timpeall 23 Lúnasa agus 31 Lúnasa, rinneadh go leor dochar do na Stáit agus na cathracha ag an gcósta deiscearta, agus áiteanna eile níos tuaisceartacha chomh maith.
Nuair a chlis ar leibhéanna cosanta na cathrach fágadh an chathair faoi uisce agus sin é an rud is mó a dhein díobháil. Fágadh córais chumarsáide, leictreachais is iompair na cathrach in aimhréidh.[1]
Maraíodh 1,833 duine[2] agus déanadh damáiste luach 115 billiún dollar
Ba iad Louisiana, Florida, Alabama, Texas agus Mississippi na stáit ina raibh formhór den damáiste déanta.
Mar bharr ar an donas ní raibh práinnfhreagairt na n-eagraíochtaí stáit agus feidearálacha thar mholadh beirte. Fágadh muintir na cathrach in umar na haimléise. Theith na mílte duine ar thóir tearmainn chuig an Louisiana Superdome.[3][1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.