Grúpa carbóinile
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa cheimic orgánach, is éard is grúpa carbóinile ann ná feidhmghrúpa comhdhéanta d'adamh carbóin dúbailnasctha le hadamh ocsaigine: C = O. Bíonn sé coitianta i measc aicmí éagsúla de chomhdhúile orgánacha, mar chuid de go leor feidhmghrúpaí níos mó. Tugtar, go minic, comhdhúil charbóinile ar ghrúpa carbóinile. I gcomhdhúile orgánacha, faightear í in aindéid, céatóin, aigéid charbocsaileacha, eistir is aimídí. I gcomhdhúile neamhorgánacha, faightear mar aonocsaíd charbóin chomhordaithe í. Tagraíonn an téarma carbóinil freisin d'aonocsaíde carbóin mar liogann i gcoimpléasc neamhorgánach nó orgánaimhiotalach (miotail carbóinile, m.sh. carbóinil nicile).