Grúinse
seánra ceoil / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le grúinse nó ceol grúinse[1] (nó uaireanta feictear an téarma Fuaim Seattle sna meáin) ná fosheánra rac-malartaigh a tháinig ar an bhfód i lár na 1980idí i stát Washington in iarthuaisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an réigiún mórthimpeall Seattle ach go háirithe. Meascann grúinse fuaimeanna ó phunc-rac, miotal trom agus rac neamhspleách le chéile, chun stíl nua a chruthú atá lán le giotáir troma agus a bhraitheann go mór ar an gcodarsnacht a chruthaítear le hathruithe tobann sa cheol. De ghnáth, bíonn frustrachas agus fuarchúis le cloisteáil sna liricí.
Thosaigh grúinse ag forbairt timpeall Sub Pop, lipéad ceoil neamhspleách ag deireadh na hochtóidí. Tháinig borradh mór i rath tráchtála an ghrúinse ag tús na 1990idí, le cabhair ó na ceirníní móra Nevermind le Nirvana agus Ten le Pearl Jam. An toradh a bhí ann ná fás mór i gcáil an rac-malartaigh, agus bhí grúinse ar an seánra den rac-cheol ba chlúití ag an am.
Ní raibh a lán de na bannaí ar a gcompord leis an borradh seo, áfach, agus dhiúltaigh cuid acu é go borb. Cé go raibh an chuid is mó de na bannaí seo imithe ag deireadh na mílaoise, maireann a dtionchar fós sa rac-cheol nua-aimseartha.