péintéir Iodálach (1687–1767) From Wikipedia, the free encyclopedia
Péintéir Iodálach den aois Bharócach déanach nó den Rocócó ab ea Giambattista Pittoni nó Giovanni Giambattista Pittoni (6 Meitheamh 1687 – 6 Samhain 1767). Bhí sé ar bhunaitheoirí Acadamh Shaorealaíona na Veinéise, ar ar éirigh sé ina uachtarán sa bhliain 1758 mar chomharba ar Tiepolo.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Meitheamh 1687 An Veinéis |
Bás | 6 Samhain 1767 80 bliana d'aois An Veinéis |
Áit adhlactha | San Giacomo dell'Orio (en) |
Uachtarán | |
Áit chónaithe | An Veinéis |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | An Veinéis Poblacht na Veinéise |
Gairm | péintéir, maisitheoir, ollamh, comhairleoir ealaíne |
Gluaiseacht | Barócach agus Rocócó |
Mac/iníon léinn de chuid | Francesco Pittoni agus Antonio Balestra |
Mac/iníon léinn | Anton Kern agus Cesare Ligari |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Rugadh Pittoni sa Veinéis ar 6 Meitheamh 1687. Rinne sé staidéar faoi uncail leis, Francesco Pittoni, péintéir den scoil Bharócach Veinéiseach a bhí aitheanta lena linn ach nár mhair cáil a shaothair. Shínigh siad beirt Samson and Delilah, saothar atá sa Villa Querini in Visinale, in Pasiano di Pordenone.
Ní raibh Pittoni toilteanach imeacht óna Veinéis dhúchasach agus ba ar éigin a thaistil sé. Cé go bhfuair sé neart coimisiún ó thar lear, níl aon fhiannaise ann go ndearna sé turas ar bith mar thoradh orthu, agus taispeánann na cáipéisí a bhaineann lena shaol go raibh sé sa Veinéis gach bliain ó 1720 amach. Is féidir, áfach, go ndeachaigh sé ar turas go dí an Fhrainc sa bhliain 1720 in éineacht le Francesco, Rosalba Carriera, Antonio Pellegrini agus Anton Maria Zanetti. D'athraigh stíl Giambattista ó cheann Barócach trom go stíl Rocócó a bhí ní ba éadroime fíneá; cheap cuid scoláirí gur tionchur indíreach Francach a bhí i gceist, b'fhéidir trí Pellegrini nó trí Sebastiano Ricci.
Fuair Pittoni bás sa Veinéis ar 6 Samhain 1767.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.