Georges J. F. Köhler
imdhíoneolaí Gearmánach (1946-1995) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Imdhíoneolaí a rugadh i München na Gearmáine ab ea Georges Jean Franz Köhler (22 Aibreán 1946 – 1 Márta 1995). Lena chomhghleacaí César Milstein, rinne sé amach conas hibrideóma a tháirgeadh.
Is cill a ghineann antasubstaintí, nasctha le cill ailse, an chill hibrideach fhadsaolach seo, agus is féidir hibrideóma a chruthú a ghineann antasubstaint ar leith amháin a chealaíonn antaigin (ábhar coimhthíoch) ar leith.
Léirigh sé struchtúir antasubstaintí, agus rinne amach struchtúir is feidhmeanna na nglóbailiní imdhíonachta. Úsáidtear a theicnící chun ábhair a aithint, i dtástáil toirchis, diagnóisiú agus cóireáil ailse is galar eile.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1984 le César Milstein is Niels Jerne as an saothar seo.[1]