From Wikipedia, the free encyclopedia
Sheirbheáil George Carew, 1ú Iarla Totnes (29 Bealtaine 1555 - 27 Márta 1629) faoin mBanríon Eilís I le linn Athchoncas na hÉireann agus ceapadh é leis an teideal 'Uachtarán na Mumhan'. Bhí sé ina shaineolaí ar an araltas, agus ina údar ar Carew's Scroll of Arms 1588, Collected from Churches in Devonshire etc., with Additions from Joseph Holland's Collection of Arms 1579.[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Bealtaine 1555 |
Bás | 27 Márta 1629 (Iúlach) 73 bliana d'aois Londain |
Member of the 1604-11 Parliament (en) | |
19 Márta 1604 (Iúlach) – 4 Bealtaine 1605 (Iúlach) (elevation to the House of Lords (en) ) Toghcheantar: Hastings | |
Member of the 1597-98 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Queenborough | |
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Pembroke |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taidhleoir, polaiteoir |
Teangacha | Béarla |
Eile | |
Teideal uasal | Cunta |
Céile | Joyce Clopton |
Páiste | Thomas Stafford |
Athair | George Carew |
Duine muinteartha | Peter Carew (col ceathar) |
Gradam a fuarthas |
Mac an Dr. George Carew, Déan Windsor, an 3ú mac de Sir Edmund Carew, Barún Carew, de Mohuns Ottery i bparóiste Luppitt, Devon ab ea Carew, ag a bhean chéile Catharine Huddesfield, iníon agus comh-bhanoidhre Sir William Huddesfield (d'éag 1499) de Shillingford St George in Devon, Ard-Aighne chuig an rí Éadbhard IV (1461-1483) [3]agus Anraí VII (1485-1509).[4] Ba í Anne Harvey (d.1605) máthair George, iníon Sir Nicholas Harvey. Tháinig George i gcomharbacht ar a dheartháir níos sine, Sir Peter Carew, a maraíodh in Éirinn in 1580, agus fágadh suíochán an teaghlaigh, in Upton Hellions, in aice le Crediton, Devon, le hoidhreacht aige, a dhíol sé ina dhiaidh sin le ball den teaghlach Young.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.