George A. Romero
Scannánóir Meiriceánach-Cheanadach, scríbhneoir scripte scannáin agus eagarthóir / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scannánóir, scríbhneoir scripte scannáin agus eagartóir Meiriceánach-Cheanadach ab ea George Andrew Romero, a rugadh i gCathair Nua-Eabhrac ar an 4ú lá d'Fheabhra sa bhliain 1940 agus a fuair bás ar an 16ú lá de Mhí Iúil sa bhliain 2017 in Toronto, Ceanada.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Feabhra 1940 Nua-Eabhrac, New York |
Bás | 16 Iúil 2017 77 bliana d'aois Toronto, Ontario |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse scamhóg) |
Áit adhlactha | Toronto Necropolis (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Carnegie Mellon Monsignor Scanlan High School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Scannán, stiúradh scannán, scríbhneoireacht scannán agus scannán uafáis |
Suíomh oibre | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gairm | stiúrthóir scannán, aisteoir scannáin, aisteoir gutha, aisteoir teilifíse, scríbhneoir scripte scannáin, aisteoir, scríbhneoir scripte, eagarthóir scannán, léiritheoir scannáin, stiúrthóir |
Tréimhse oibre | 1949 – 16 Iúil 2017 |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Páiste | George C. Romero |
Gradam a fuarthas
| |
|
Ba iad na scannáin uafáis a thabhaigh a chlú dó, go háirithe The Night of the Living Dead a chuaigh ar na scannáin sa bhliain 1968. Deirtear gurbh é an scannán áirithe seo a thug isteach an zombaí - an t-éag ina sheasamh, an duine marbh agus é ag dul timpeall - i bpopchultúr na Stát Aontaithe, cé nár chualathas an focal féin ar an scannán.
Chuaigh saothar Romero go mór mór i bhfeidhm ar sheánra na scannán uafáis go léir, agus is minic a thugtar "athair na scannánaíochta uafáis" air. Ceannródaí agus íocón cultúrtha é mar scannánaí uafáis.