ardmháistir fichille agus gníomhaí Rúiseach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ardmháistir fichilleRúiseach agus Iar-Churadh Domhanda é Garry Kasparov (rugadh 13 Aibreán1963, i mBaku, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine). Is scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúil é freisin.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Garry Kasparov
(2023)
Ainm sa teanga dhúchais
(ru) Гарри Кимович Каспаров
Beathaisnéis
Breith
(ru) Гарри Кимович Вайнштейн 13 Aibreán 1963 61bliana d'aois Bakı
Ba é Kasparov an Curadh Domhanda Fichille is óige riamh tar éis dhó an ceann is fearr a fháil ar Anatoly Karpov le scór 13-11 i sraith cluichí sa bhliain 1985 i Moscó. Bhí sé ina churadh oifigiúil go dtí an bhliain 1993 nuair a bhunaigh sé eagraíocht nua, an Professional Chess Assocation (PCA), tar éis conspóide le FIDE. Tugadh aitheantas dó mar Churadh Domhanda "Clasaiceach" go dtí gur chaill sé sraith cluichí i gcoinne Vladimir Kramnik sa bhliain 2000. Ba é an chéad Churadh Domhanda Fichille a chaill sraith cluichí in aghaidh ríomhaire nuair a fuair Deep Blue an ceann is fearr air le scór 3½–2½ sa bhliain 1997.
Bhí an grád is airde ar domhan ag Kasparov beagnach an t-am go léir ó 1986 go dtí gur éirigh sé as an imirt sa bhliain 2005. Bhí grád 2851 aige ar liosta FIDE mhí Iúil 1999, an grád is airde riamh.
D'éirigh Kasparov as imirt fichille go gairmiúil sa bhliain 2005 chun bheith gníomhach sa pholaitíocht agus sa scríbhneoireacht. Bhunaigh sé an Tosach Cathartha Aontaithe agus bhí sé mar bhall den ghrúpa An Rúis Eile a bhí in éadan rialtais Vladímír Pútín. Ba iarrthóir é i dtoghchán uachtaránachta na Rúise sa bhliain 2008 ach d'aistarraing sé níos déanaí.