Galileo (loingseoireacht satailíte)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Galileo an t-ainm atá ar chóras satailíte na hEorpa (nó "Córas Domhanda Loingseoireacht Satailíte an Aontais").[1] Tá sé ainmnithe as Galileo, an t-eolaí cáiliúil a rugadh i bPisa san Iodáil sa bhliain 1564.
Ar 21 Deireadh Fómhair 2011, le lainseáil an chéad satailít oibríochta de chuid an chláir Galileo, thóg an tAontas Eorpach céim mhór i dtreo córas loingseoireachta satailíte dá chuid féin a bheith aige[2].
Inniu úsáidtear Galileo gach aon lá san iliomad cásanna, ina measc éigeandálaí ar na farraigí móra, turais bóthair, ar fhóin phóca agus fiú ag imeachtaí spóirt.[3] Cuidíonn Galileo le hiompar, seirbhísí tarrthála, idirbhearta baincéireachta agus soláthar leictreachais a fheabhsú.