Galar Hodgkin

From Wikipedia, the free encyclopedia

Galar Hodgkin

Liomfóma, nó ailse i limficítí an chóras imdhíonachta, is ea galar Hodgkinliomfóma Hodgkin. Tá sé ainmnithe as an dochtúir Sasanach a thug an chéad chur síos air, thiar sa bhliain 1832 - Thomas Hodgkin, a bhain clú amach ina phaiteolaí agus ina shaineolaí ar mhíochaine choisctheach. Cruthaíonn liomfóma Hodgkin siadaí sna faireoga limfe, agus é ag ascnamh go hordúil ó fhaireog go faireog. Aithnítear an galar ar chealla móra míchumtha den chineál ar a dtugtar cealla Reed-Sternberg.

Fíricí Gasta Cineál, Eapainm ...
Galar Hodgkin
Thumb
Thumb
Cineálliomfóma
EapainmThomas Hodgkin
Speisialtacht leighishaemaiteolaíocht
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
doxorubicin (en) , bleomycin (en) , vinblastine (en) agus dacarbazine (en)
Pataigineas
Cúis ghéiniteachGATA3, TCF3, CLSTN2, EOMES, IL13 agus PVT1
CúisEpstein–Barr virus infection (en)
Aicmiú
ICD-112B30
ICD-10C81.9 agus C81
ICD-9201.0, 201.2, 201.1, 201 agus 201.9
ICD-O9650/3, 9667/3 agus 965-966
CIAPB72
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0032786
OMIM236000, 300221 agus 400021
DiseasesDB5973
MedlinePlus000580
eMedicine201886
Patient UKhodgkins-lymphoma-pro
MeSHD006689
Orphanet98293
UMLS CUIC0019829
DOIDDOID:8567
Dún

Básmhaireacht

Cé gur galar dainséarach tromchúiseach é liomfóma Hodgkin, ní bhíonn sé chomh marfach inniu agus a bhíodh tráth. Le fírinne, tá sé ar ceann de na hailsí is soleigheasta amuigh. Is féidir é a leigheas le radaíocht nó le ceimiteiripe, agus tagann biseach ar 90 - 95 % de na hothair. An t-othar nár tháinig ar lorg cóireála sula raibh sé ar bhruach an bháis, is minic a bhí míochaine an lae inniu ábalta é a tharrtháil.

Ar na daoine óga ó 15-35 bliana d'aois is mó a shiúlann galar Hodgkin, ach is minic a thagann sé ar dhaoine scothaosta (os cionn 55 bliana d'aois) freisin.

Daoine a bhfuair bás ó liomfóma Hodgkin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.