From Wikipedia, the free encyclopedia
Athlasadh i líneáil an ghoile is ea Gaistríteas, de thoradh greannaitheoirí cosúil le halcól, caitheamh toitíní, bia spíosraithe, nó ábhair atá láidir aigéadach mar aspairín.[1] Déanann siad paistí athlasta, a chuireann fuil uaireanta. Tagann pianta sa bholg uachtarach dá bharr, masmas is urlacan (uaireanta, urlacan fola). Le síorghreannú, bíonn an gaistríteas ainsealach agus is féidir go dtarlóidh tanú i líneáil an ghoile, fiú othrais.
Cineál | stomach disease (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | gaistreintreolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais sucralfate (en) , lansoprazole (en) , pantoprazole (en) , esomeprazole (en) , omeprazole (en) , dexlansoprazole (en) agus ranitidine (en) | |
Aicmiú | |
ICD-10 | K29.7 |
ICD-9 | 535.0 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0111442 |
DiseasesDB | 34500 |
MedlinePlus | 001150 |
eMedicine | 176156 |
MeSH | D005756 |
UMLS CUI | C0017152 agus C0017152 |
DOID | DOID:4029 |
Tá go leor cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith ina chúis leis. Is iad na géarchúiseanna is mó is cionsiocair leis ná i bhfad an oiread alcóil a ól nó úsáid fhada na ndrugaí frith-athlastacha neamhstéaróideacha (ar a dtugtar DFANSa), mar shampla; aspairín nó iobúpróifein.
Uaireanta, tagann an ghaistríteas i réim tar éis obráide móire, gortaithe thrámaigh, dónna, nó ionfhabhtuithe tromchúiseacha.
D'fhéadfadh an ghaistríteas tarlú freisin dóibh siúd a raibh obráid chailliúna meáchain acu, agus a bhí mar thoradh ar an chonair díleá a bhandáil nó a atógáil.
D’fhéadfadh ionfhabhtaithe le baictéir, go príomha Helicobacter pylori, aife domlais ainsealach, strus agus neamhoird uath-imdhíonachta áirithe bheith ina chúis leis an ghaistríteas chomh maith.
Is é an t-airí is coitianta ná suaitheadh nó pian an bhoilg.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.