![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/93/Morus_bassanus_9.jpg/640px-Morus_bassanus_9.jpg&w=640&q=50)
Gainéad
géineas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Éan mór farraige atá dúchasach don Atlantach thuaidh, tuaisceart na hAfraice, an Astráil, is an Nua-Shéalainn is ea an gainéad.[1] Sruthlíneach, le gob gorm fada gan phollairí seachtracha. Paistí loma dubha ar a aghaidh. Beireann sé ar éisc trí thumadh go hingearach isteach sa bhfarraige. Tá saic aeir faoi chraiceann na haghaidhe a mhaolaíonn turraing an imbhuailte leis an uisce.[2]