Gàidhealtachd na h-Alba
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is focal de chuid Ghaeilge na hAlban é Gàidhealtachd (kɛːəlˠ̪t̪əxk éist), focal a bhfuil brí níos leithne leis ná brí an fhocail Gaeltacht. Is féidir an focal seo a úsáid do na Garbhchríocha agus Oileáin na hAlban, .i. áiteanna faoi thionchar an chultúir Ghaelaigh, nó mar téarma teangeolaíochta, .i. an réigiún ina labhraítear Gaeilge na hAlban. Tugtar Galldachd ar an gcuid eile den tír, .i. Galltacht Alban.
Lena chois sin tugtar A'Ghàidhealtachd nó Comhairle na Gàidhealtachd ar an gcomhairle áitiúil a bhfuil "Highland" air sa Bhéarla, cé nach gcuimsíonn an chomhairle sin Na hOileáin Siar ná Earraghael, áiteanna ina labhraítear an teanga.