scríbhneoir Colómach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir ón gColóim ba ea Gabriel García Márquez, nó Gabo, (6 Márta 1927 – 17 Aibreán 2014) agus é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó le rá i Meiriceá Theas. Scríobh sé idir úrscéalta, ghearrscéalta, aistí agus tuairiscí agus bhain sé amach Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1982.
Saolaíodh ar an 6 Márta 1928 in Aracataca i gCúige Magdalena sa Cholóim é. Ach is i Meicsiceo agus san Eoraip a chaith sé cuid mhór dá shaol. Deirtear gurbh eisean ba mhó a chuir an réalachas draíochta os comhair na ngnáthléitheoirí.[1] Is é tuairim na saineolaithe gurbh iad Márquez, Jorge Luis Borges, agus Julio Cortázar an triúr údar is mó i litríocht Mheiriceá Theas sa fichiú haois.
Iriseoir ba ea Gabo ar dtús agus é ag scríobh alt ar El Heraldo i mBarranquilla agus ar El Universal i gCartagena.[2] Bhí sé ina bhall de bhaicle neamhfhoirmeálta scríbhneoirí agus iriseoirí, Grúpa Barranquilla, agus thug an dream seo an-spreagadh dó mar scríbhneoir. Ina dhiaidh sin, d'aistrigh sé go Bogotá agus é ag obair don nuachtán laethúil El Espectador. Chaith sé sealanna ina chomhfhreagraí ar an gcoigríoch freisin, sa Róimh, i bPáras, i mBarcelona, i gCaracas, agus i Nua-Eabhrac.[3]
Ba é an chéad mhórshaothar a tháinig óna pheann ná Relato de un náufrago nó "Scéal an Mhairnéalaigh Longbhriste". Ar dtús, foilsíodh mar shraithscéal nuachtáin é sa bhliain 1955. Fíorscéal ba ea é faoi longbhriseadh a tharla de dheasca go raibh lastas contrabhannach stuáilte go ciotach ar dheic na loinge. Long de chuid chabhlach cogaidh na Colóime a bhí inti, agus ba mhór an scannal é. Tharraing an tuairisc amhras ar an leagan oifigiúil a bhí á scaipeadh ag rialtas míleata an deachtóra Gustavo Rojas Pinilla agus áitíodh ar García Marquesz an tír a fhágáil. Foilsíodh an scéal i leabhar leis sa bhliain 1970 agus shíl go leor léitheoirí gur ficsean a bhí ann.[4].
Is iomaí leabhar leis ar féidir léamh an fhicsin a bhaint as chomh maith le léamh na fírinne. Mar shampla, in Crónica de una muerte anunciada ("Croinic an Bháis Réamhfhógraithe"), thug sé cur síos ar mhurdar áirithe a bhí i mbéal an phobail sa Cholóim agus an oiread sin scríofa faoi sna nuachtáin.[5] Cineál úrscéil dhoiciméadaigh atá ann a d'fhéadfaí a chur i gcomparáid le In Cold Blood le Truman Capote. Leabhar eile "idir eatarthu" is ea El amor en los tiempos del cólera ("An Grá i dTréimhse an Chalair") ón mbliain 1985, inar inis sé scéal grá a thuismitheoirí.[6]
Is é an saothar is rathúla leis ná an t-úrscéal Cien años de soledad ("Céad bliain d'uaigneas"), atá suite i sráidbhaile beag ficseanúil, Macondo, i bhforaois fearthainne na Colóime. Tugann an leabhar cur síos ar ghlúinte mhuintir Buendía i Macondo ó bhunú na háite amach, agus an tionchar a imríonn stair chorrach na Colóime ar shaol na hiargúltachta i bhfad ó phríomhchathair na tíre.[7]
Sa bhliain 1999 dúradh le García Márquez go raibh ailse limfeach air. Spreag an drochscéala é chun a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos, agus tháinig an chéad imleabhar, Vivir para contarla ("Saol le hinsint") i gcló sa bhliain 2002.
Sa bhliain 2004, arís, d'fhoilsigh García Márquez leabhar nua, Memoria de mis putas tristes ("Cuimhne ar mo striapacha brónacha").
Fuair García Márquez bás den niúmóine i gcathair Meicsiceo ar an 17 Aibreán 2014.
Tá tábhacht leis an réalachas i saothar uile an údair. Ag cur síos dó ar na chéad leabhair aige, dúirt sé gur fhág fírinne an tsaoil sa Cholóim a rian ar El coronel no tiene quien le escribe, La mala hora agus Los funerales de la Mamá Grande (cé nárbh ionann cás do La hojarasca) agus gurb é sin ba chúis le struchtúr na leabhar. Dúirt sé nárbh oth leis iad a scríobh ach gur bhain siad le cineál litríochta réamhbheartaithe a raibh a dhearcadh ar an réaltacht ró-stalctha agus ró-theoranta.[8].
I saothair eile bhain sé triail as an réaltacht a láimhseáil ar shlite nach raibh chomh traidisiúnta sin, i dtreo go gcuirtear síos ar imeachtaí an-uafásacha nó an-neamhchoitianta ar bhealach neamhchúiseach.[9] Is minic a luaitear an phearsa in Cién años de soledad a dtéann a corp agus a hanam chun na bhflaitheas agus í ag crochadh cultacha. Tugadh “réalachas draíochta” ar an stíl seo.[10] Deir an criticeoir Michael Bell go bhfuil aigne inti atá in ann cónaí sa ghnáthshaol go neamh-mhaoithneach agus a fháiltíonn roimh réimsí a mbrúnn an cultúr comhaimseartha i leataobh iad de réir a loighce féin.[11] Mhaígh García Márquez féin gur dheacair do léitheoirí Eorpacha an réaltacht atá ceilte ag an draíocht a aithint.[12]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.