Gé ghlas
speiceas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is speiceas é an ghé ghlas[1] d'éin uisce mhóra san fhine Anatidae agus an speiceasthíopa den ghéineas Anser. Tá cluimhreach bhreac agus liath agus bhán-stríocach uirthi agus gob flannbhuí agus cosa bándearga. Is éan mór í, tomhaiseann sé idir 74 agus 91 ceintiméadar ar fhad, le meánmheáchan 3.3 cileagram. Tá a dháileadh forleathan, le héin ó thuaidh dá raon san Eoraip agus san Áise ag dul ar imirce ó dheas chun an geimhreadh a chaitheamh in áiteanna níos teo. Tá sinsearach coiteann aici leis an ghé chlóis, tar éis dó a bheith ceansaithe ar a laghad chomh luath le 1360 RCh. Tagann an t-ainm ghéineas ó 'anser' an fhocal Laidine le haghaidh "gé".[2] Taistealaíonn géanna glasa go dtí a dtailte pórúcháin ó thuaidh san earrach, ag neadú ar mhóinteach, i riasca, timpeall lochanna agus ar oileáin chósta. De ghnáth fanann na géanna ar feadh a saoil agus neadaíonn siad ar an talamh i measc fásra. Leagtar baisc de thrí go cúig ubh; cothaíonn an an baineannach na huibheacha agus déanann an dá thuismitheoir a hál a chosaint agus a thógáil. Fanann na héin le chéile mar fhine, ag dul ar imirce ó dheas san fhómhar mar chuid de thréad, agus ag scaradh an bhliain dár gcionn. I rith an gheimhridh áitíonn siad gnáthóga leath-uisceacha, inbhir, riasca agus páirceanna faoi uisce, ag ithe féir agus ag ithe barr talmhaíoch go minic. Tá roinnt pobal, mar shampla na pobail i nDeisceart Shasana agus i gceantair uirbeacha ar fud raon na speiceas, ina gcónaí go príomha agus sa cheantar céanna ó cheann ceann na bliana.
Anser anser | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Mais | 160 g (meáchan breithe) 3.692 kg (meáchan fásta, orgánach fireann) 3.237 kg (meáchan fásta, orgánach baineann) |
Réise sciathán | 1.55 m |
Meánlíon in ál | 4.9 |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22679889 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Anseriformes |
Fine | Anatidae |
Treibh | Anserini |
Géineas | Anser |
Speiceas | Anser anser Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |