![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/ad/Meadow_Foxtail_head.jpg/640px-Meadow_Foxtail_head.jpg&w=640&q=50)
Poaceae
fine plandaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is fine mhór de phlandaí bláthanna monacotailéadónacha é Poaceae (/poʊˈeɪsiaɪ/) nó Gramineae (/ɡrəˈmɪniaɪ/) ar a dtugtar féar go coitianta. Cuimsíonn an fhine na féara gránach, bambú, na féara ar thalamh féaraigh nádúrtha, agus speicis a shaothraítear ar fhaichí.
Fíricí Gasta Sonraí, Is foinse é an tacsón seo de ...
![]() Alopecurus pratensis ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Is foinse é an tacsón seo de | féar, féar tirim, grán agus gránbharr ![]() |
Planda | |
Cineál an toraidh | carapsach ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Poales |
Fine | Poaceae ![]() Barnhart, 1895 |
Cineál tacsanomaíoch | Poa ![]() |
Ainmníocht | |
Stádas ainmníochta | nomen conservandum ![]() |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Dún
Le thart ar 780 géineas agus thart ar 12,000 speiceas,[1] is é Poaceae an cúigiú fine plandaí is mó, tar éis Asteraceae, Orchidaceae, Fabaceae agus Rubiaceae.[2]
Meastar go gcuimsíonn tailte féaraigh, cosúil le sabhána agus fásach féir, 40.5% d'achar talún an Domhain, gan an Ghraonlainn agus an Antartaice san áireamh.[3] Is cuid thábhachtach den fhásra i go leor gnáthóg eile iad na féara, mar shampla i mbogach, i bhforaoisí agus i dtundra.