Future Nostalgia
albam stiúideo le Dua Lipa (2020) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Future Nostalgia an dara halbam ón amhránaí Sasanach agus Albánach Dua Lipa. Cuireadh amach é ar an 27 Márta 2020 ag Warner Records. Is albam pop agus dioscó é an t-albam le tionchair ceol damhsa agus leictreonach a thaitin le Lipa ina hóige.
Cineál | albam stiúideo | ||
---|---|---|---|
Ealaíontóir | Dua Lipa | ||
Eisithe | 27 Márta 2020 | ||
Seánra | popcheol rince, dioscó, ceol leictreo agus popcheol | ||
Fad | 2,243 | ||
Teanga | Béarla | ||
Lipéad | Warner Records | ||
Léiritheoir | Jeff Bhasker | ||
Formáid | dlúthdhiosca, fadcheirnín, closchaiséad, íoslódáil ceoil agus ceol sruthaithe | ||
1. Future Nostalgia 2. Don't Start Now 4. Physical 5. Levitating 7. Hallucinate 8. Love Again 9. Break My Heart 13. Fever | |||
Croineolaíocht | |||
| |||
Foilsíodh an chéad singil "Don't Start Now" ar an 31 Deireadh Fómhair 2019. Bhí an-rath aici. Foilsíodh cúig shingil eile, "Physical", "Break My Heart", "Hallucinate", "Levitating" agus "Love Again".
Bhí an-rath ag an albam, ag sroicheadh barr na cairteacha i 15 thír. Chaith sé 4 sheachtaine ag barr chairt na Ríochta Aontaithe, an chéad albam le Dua Lipa chun é a dhéanamh.
Ar an 20 Lúnasa 2020, cuireadh amach albam athmheasctha darbh ainm Club Future Nostalgia, déanta in éineacht leis an DJ Meiriceánach The Blessed Madonna [en].
Chuaigh sí ar chamchuairt timpeall Meiriceá Thuaidh agus Theas, An Eoraip agus An Aigéine chun an albam a chur chun cinn. Ar dtús, cuireadh an chamchuairt ar ceal cúpla uair de bhar Paindéim COVID-19. Thosaigh sí sa bhliain 2022.