Frithocsaídeoir
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ábhair a mhoillíonn ocsaídiú ábhar eile a bhíonn freagrach, nuair a ocsaídítear é, as tús a chur le hailse nó damáiste eile do na fíocháin. Uaireanta, feidhmíonn an frithocsaídeoir trína bheith ocsaídithe é féin. Sa cholainn dhaonna, feidhmíonn córais áirithe einsímí mar fhrithocsaídeoirí — forocsaíd frithshóáis, is vitimíní áirithe A, C is E, mar shampla —agus úsáidtear iad chun cóireáil ar airtríteas réamatóideach is galar Parkinson, agus mar chosaint i gcoinne ailse na conaire gastraistéigí. Tá ullmhóidí einsímí ar fáil mar phiollairí chun an cothú a fhorlíonadh agus faoiseamh a thabhairt ar an athlasadh a tharlaíonn i bhfoirmeacha difriúla airtrítis. Bíonn frithocsaídeoirí i láthair i mbianna áirithe mar leasaithigh freisin. Úsáidtear an téarma go príomha maidir le breiseáin i mbia, cosúil le haigéad ascorbach.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d6/Glutathione-skeletal.svg/320px-Glutathione-skeletal.svg.png)