From Wikipedia, the free encyclopedia
Clúdaíonn an Fhrainc sna Meánaoiseanna achar a bhí beagnach comhfhreagrach leis an Fhrainc mar atá sí sa lá atá inniu ann, ó bhás Lughaidh Cráifeach sa bhliain 840 go lár an 15ú haois. Bhí stair na Meánaoiseanna sa bhFrainc marcáilte le:
Ó na Meánaoiseanna ar aghaidh chreid rialtóirí na Fraince go raibh teorainneacha nádúrtha ag a ríochtaí: na Piréiní, na hAlpa agus an Réin. Baineadh úsáid as an dearcadh seo mar leithscéal le haghaidh polasaithe ionsaitheacha agus ionraí leantacha. Ní raibh bunús réaltacht ag baint leis an mheom seo, áfach, mar nach raibh gach ceann de na críocha ina gcuid den Ríocht agus bheadh údarás na Rí laistigh dá ríocht athraitheach go leor. Léirigh na tailte sa Ríocht éagsúlacht gheografach mhór, bhí an aeráide measartha taitneamhach sna codanna thuaidh agus lárnach ach bhí deisceart na ríochta níos gaire don aeráid Mheánmharach.
Bíonn plé ar mhéid na Fraince sna Mheánaoiseanna casta go leor, mar caithfidh idirdhealú a bheith déanta idir tailte i seilbh pearsanta an rí (an "domaine royal") agus na tailte eile i seilbh faoi umhlóid ag na tiarnaí. Ní raibh an coincheap res publica, a bhí faighte ó oidhreacht ón chúige Rómhánach an Ghaill (An Laidin: Gallia), á chothabháil go hiomlán ag Ríocht na bhFranc nó ag Impireacht na gCairlínseach, agus fiú sna mblianta tosaigh ag na ríthe Capetacha. Is féidir a rá nach raibh i 'Ríocht na Fraince' níos mó ná finscéal.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.