![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a6/Leaf_anatomy_universal.svg/langga-640px-Leaf_anatomy_universal.svg.png&w=640&q=50)
Fléam
From Wikipedia, the free encyclopedia
I bplandaí soithíocha, is éard is fléam ann ná an fíochán beo a iompraíonn na comhdhúile orgánacha intuaslagtha a rinneadh le linn na fótaisintéise agus ar a dtugtar fótaisinteáiteanna, go háirithe an siúcra siúcrós,[1] go codanna de na plandaí nuair atá gá leo. Tugtar trasghluaiseacht ar an phróiseas seo.[2] Sna crainn, is é an fléam an ciseal is sia isteach sa choirt, dá bhrí sin díorthaíodh a ainm ón fhocal Gréagach φλοιός (phloios) a chiallaíonn "coirt". Thug Nägeli an téarma isteach sa bhliain 1858.[3][4]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a6/Leaf_anatomy_universal.svg/320px-Leaf_anatomy_universal.svg.png)
1. : cúitineach.
2. agus 5. : eipideirm.
3. : paireincíoma pailise.
4. : paireincíoma spúinsiúil
6. : Stómaí.
7. : cealla sómacha.
8. : xiléim.
9. : fléam
10. : fíochán seoltach