![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0d/Firefly_logotype.svg/langga-640px-Firefly_logotype.svg.png&w=640&q=50)
Firefly (sraith teilifíse)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sraith teilifíse "space western" is ea Firefly. Chruthaigh an stiúrthóir Joss Whedon é le comhoibriú óna chomhlacht Mutant Enemy Productions. Ba é Whedon agus Tim Minear na táirgeoirí feidhmeannacha. Tá an clár suite sa bhliain 2517 i ndiaidh teacht an chine daonna i gcóras réaltrach nua. Léiríonn an tsraith na heachtraí den chriú tréigtheoireach de "Serenity", ceann de na longa spástoireachta "Firefly". Glacann na príomhcharachtair róil mar an naonúr a chónaíonn ar Serenity, nó i bhfocail Whedon: "naonúr a chaitheann súil ar dhorchadas an spáis agus atá ag féachaint ar naoi rudaí éagsúla."[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b9/Firefly_logotype_-_F.png/640px-Firefly_logotype_-_F.png)
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Firefly, Firefly agus Firefly | |
---|---|
Séanra | space Western (en) ![]() ![]() |
Socrú ceamara | socrú aoncheamara |
Cruthaitheoir | Joss Whedon |
Stiúrthóir | Vern Gillum (en) ![]() ![]() |
Léiritheoir | Joss Whedon, Timothy Minear, Gareth Davies (en) ![]() ![]() |
Cumadóir | Greg Edmonson |
Aisteoirí | |
Cuideachta léiriúcháin | Mutant Enemy Productions agus 20th Century Fox Television (en) ![]() |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Bunteanga | Béarla |
Bealach teilifíse | Fox Broadcasting Company |
Fad na n-eipeasóidí | 45 min |
An chéad eipeasóid | 20 Meán Fómhair 2002 |
An eipeasóid dheireanach | 19 Lúnasa 2003 |
Líon séasúr | 1 |
Líon eipeasóidí | 14 |
Liosta eipeasóidí | list of Firefly episodes (en) ![]() |
Ainmniúcháin | |
Tuilleadh eolais | |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0d/Firefly_logotype.svg/640px-Firefly_logotype.svg.png)
Pléann an clár saol grúpa daoine a ghlac páirt i gcogadh cathartha ar an taobh a cailleadh, chomh maith le daoine eile atá ina gcónaí ar imeall na sochaí mar chuid de chultúr ceannródaíoch. Sa todhchaí, ba iad Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín na sárchumhachtaí deireanach agus chruthaigh siad rialtas cónaidhmeach idir-réaltrach: 'An Alliance' . Dar le fís Whedon "Ní athroidh aon rud sa todhchaí, beidh dul chun cinn sa teicneolaíocht, ach beidh na fadhbanna polaitiúla, morálta, eiticiúla céanna againn."[2]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/50/Greg_Edmonson_%40_the_Flanvention.jpg/320px-Greg_Edmonson_%40_the_Flanvention.jpg)
Nuair a chéad léiríodh an tsraith ar Fox sa Gheimhreadh 2002, dar le Rátálacha Nielsen bhí ar an iomlán 4.7 milliún breathnoirí in aghaidh na heipeasóide.[3] Cé go raibh plean ceathair déag eipeasóidí a chraoladh, cuireadh ar ceal é tar éis an aonú eipeasóid déag.[4] In ainneoin a saol gearr d'fhás grúpa lucht leanuna ollmhór ar fud an domhain agus ar líne darb ainm "Browncoats".[5][6] Sa bhliain 2003 bhuaigh sé Gradam Primetime Emmy sa chatagóir "Na hÉifeachtaí Fhísiúila is Fearr i Sraith Teilifíse".[7] Chuir TV Guide é in ait #5 ina liosta den 60 cláir a raibh cuireadh ar ceal ró luath.[8]