Is sainchreideamh Críostaí é Finnéithe Iáivé a chleachtann córas creidimh sách difriúil ón Chríostaíocht phríomhshrutha.[1] In 2022, thuairiscigh an grúpa go raibh thart ar 8.5 milliún ball ag glacadh páirt sa soiscéalachas, agus gur fhreastail 19.7 milliún duine ar Chuimhneachán bliantúil bhás Chríost.[2] Is grúpa seanóirí i Warwick, Nua-Eabhrac (ar a dtugtar Bord Stiúrtha Finnéithe Iáivé) atá i gceannas ar an sainchreideamh. Is é an bord seo a leagann amach teagasc Finnéithe Iáivé,[3] bunaithe ar an mbrí a bhaineann siad as an mBíobla. Creideann siad gur gearr uainn Harmagadón, is é sin, scrios an chórais dhomhanda atá ann faoi láthair. Creideann siad freisin gurb é bunú Ríocht Dé ar domhan an t-aon réiteach ar na fadhbanna go léir atá roimh an gcine daonna.[5]
Fíricí Gasta Sonraí, Ainm gearr ...
Dún