scríbhneoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ministir de chuid Eaglais na hÉireann, scríbhneoir, agus aistritheoir Gaeilge ab ea Feardorcha Ó Conaill nó Frederick William O'Connell (22 Deireadh Fómhair 1876 – 19 Deireadh Fómhair 1929). Scríobh sé go minic faoin ainm cleite Conall Cearnach (i ndiaidh an laoich finscéalaíochta). Tá clú air as saothar Pheadair Uí Laoghaire a chur in eagar.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Frederick William O'Connell 22 Deireadh Fómhair 1876 |
Bás | 19 Deireadh Fómhair 1929 52 bliana d'aois |
Siocair bháis | Buailte ag feithicil |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Céim acadúil | Doctor of Letters (en) Máistir Ealaíon céim dochtúireachta |
Gníomhaíocht | |
Gairm | údar, aistritheoir |
Fostóir | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, léachtóir |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Rugadh Ó Conaill sa Bhaile Nua, an Líonán, Contae na Gaillimhe, mac le William Morgan O'Connell, canónach de chuid Eaglais na hÉireann, agus a bhean Catherine Donnelly. Bhí an Líonán i nGaeltacht Chonamara, agus ba chainteoirí líofa Gaeilge iad a thuismitheoirí; mhúin siad an teanga dó nuair a bhí sé sé bliana d'aois. D’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ó 1891, agus oirníodh in 1902 é. Rinneadh reachtaire ar Achadh Conaire de sa bhliain 1907, agus ina dhiaidh sin fuair sé post mar léachtóir le teangacha Ceilteacha agus litríocht Cheilteach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Phós Ó Conaill Helen Young in 1905; bhí triúr mac acu sula bhfuair sí bás den eitinn in 1925. Phós sé Marcella Graham, Caitliceach Francach, ina dhiaidh sin, agus d'fhéadfadh sé gur iompaigh sé ina Chaitliceach go neamhfhoirmiúil. Ceapadh é ina stiúrthóir cúnta ar Radio Éireann in 1927. Ar an 19 Deireadh Fómhair 1929, bhuail tiománaí bus é agus maraíodh é ar Bhóthar Lansdowne, Baile Átha Cliath.
D'aistrigh sé saothair as Spáinnis, Peirsis, agus Araibis.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.