![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bc/Ophiuchus_constellation_map.png/640px-Ophiuchus_constellation_map.png&w=640&q=50)
Fear na bPéisteanna
réaltbhuíon de chuid an stoidiaca ar an meánchiorcal neamhaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha é Fear na bPéisteanna nó Ophiuchus, agus is ceann é freisin de na 48 seanréaltbhuíon a chuir Tolamaes i gclár sa dara haois. Iompróir na Péiste is brí le Ophiuchus, an t-ainm clasaiceach a thugtar go coitianta ar an réaltbhuíon seo. Is focal Gréigise é sin, áfach. Ba é Serpentarius, a chiallaíonn an rud céanna, an t-ainm a thug na Sean-Rómhánaigh uirthi. Ar réaltbhuíon an stoidiaca (.i. na 13 réaltbhuíon a dtéann an Ghrian tríothu i rith na bliana) is é Fear na bPéisteanna an t-aon cheann amháin nach nglactar leis mar chomhartha astralaíoch.
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Ophiuchus |
---|---|
Nod | Oph |
Ginideach Laidine | Ophiuchi |
Siombalaíocht | iompróir péiste fear leighis |
Dronairde | 17 h |
Diallas | 0° |
Achar | 948 céim cearnach Céim 11ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 5 |
Réalta is gile | Rasalhague (α Oph) (méid 2.1) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +80° agus −80° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr |
Léirítear Fear na bPéisteanna mar fhear agus péist mhór lúbarnach (.i. réaltbhuíon na Péiste) ar iompar aige. Roinntear an phéist ina dá chuid trí idirshuíomh Fhear na bPéisteanna, dá ngairtear Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste; ach cuirtear an dá chuid le chéile san áireamh mar aon réaltbhuión amháin.