Féile Scannán Sundance
From Wikipedia, the free encyclopedia
Féile scannán Meiriceánach a thionóltar go bliantúil in Utah is ea Féile Scannán Sundance. Clár de chuid Institiúid Sundance atá ann. Is é an fhéile scannán is mó sna Stáit Aontaithe i gcomhar scannán neamhspleách.
Fíricí Gasta Cineál, Bailíocht ...
Cineál | féile scannánaíochta |
---|---|
Bailíocht | 1978 - |
Eatramh imeacht | 1 bliain |
→ | |
Suíomh | Park City, Utah , Utah, SAM |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Suíomh gréasáin | sundance.org… |
Dún
Bíonn an fhéile ar siúl sa gheimhreadh, ag tosnú i mí Eanáir de ghnáth, gach bliain in Park City, Salt Lake City, Ogden agus ag Baile Saoire Sundance. Deis é saothair ó lucht déanta scannán neamhspleách as Meiriceá agus gach cearn den domhan a thaispeáint don saol mór.
Ar na reanna inchomórtais tá scannáin drámatúla agus doiciméadacha, gearra agus fada. Ar na reanna gan chomórtas tá NEXT, New Frontier, Spotlight agus Park City at Midnight.