Polaiteoir, taidhleoir agus gníomhaí sóisialta Meiriceánach ab ea Anna Eleanor Roosevelt (11 Deireadh Fómhair 1884 – 7 Samhain 1962). Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti ó Márta 1933 go hAibreán 1945, níos faide ná aon Chéad-Bhean eile i stair Mheiriceá. "Céad-Bhean an Domhain" a bhaist an t-uachtarán Harry S. Truman uirthi as ucht a saothar ar son cearta daonna. Rugadh agus cailleadh í i gCathair Nua-Eabhrac.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Eleanor Roosevelt (1933) |
|
Breith | (en) Anna Eleanor Roosevelt 11 Deireadh Fómhair 1884 Manhattan, New York |
---|
Bás | 7 Samhain 1962 78 bliana d'aois Upper East Side, New York |
---|
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
---|
Áit adhlactha | Home of Franklin D. Roosevelt National Historic Site (en) |
---|
|
|
Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe |
---|
|
|
Nollaig 1945 – 1952 |
Céadbhean na Stát Aontaithe |
---|
4 Márta 1933 – 12 Aibreán 1945 ← Lou Henry Hoover – Bess Truman → |
Ambasadóir |
---|
|
|
|
|
|
|
Reiligiún | Eaglais Easpagóideach |
---|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Allenswood Boarding Academy (en) (1899–1902) The New School |
---|
Áit chónaithe | Nua-Eabhrac Washington, D.C. Hyde Park |
---|
Teanga dhúchais | Béarla Meiriceánach |
---|
|
Réimse oibre | Cearta daonna, polaitíocht agus daonchairdeas |
---|
Suíomh oibre | Washington, D.C. Nua-Eabhrac |
---|
Gairm | taidhleoir, gníomhaí ar son chearta na mban, iriseoir, gníomhaí síochána, polaiteoir, scríbhneoir, dírbheathaisnéisí, gníomhaí ar son chearta an duine |
---|
Fostóir | Ollscoil Brandeis na Náisiúin Aontaithe |
---|
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
---|
Ball de | |
---|
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
---|
|
Suíomh a chartlainne | |
---|
|
Teaghlach | Roosevelt family (en) |
---|
Céile | Franklin D. Roosevelt (1905–1945), bás a c(h)éile |
---|
Páiste | Elliott Roosevelt, James Roosevelt, Anna Roosevelt Halsted, John Aspinwall Roosevelt, Franklin Delano Roosevelt Jr., Franklin Delano Roosevelt |
---|
Athair | Elliott Bulloch Roosevelt agus Anna Hall Roosevelt |
---|
Siblín | Hall Roosevelt |
---|
Gradam a fuarthas |
|
|
|
|
|
|
|
Dún
Ba de mhuintir Roosevelt agus Livingston í. Sa bhliain 1905 phós sí Franklin Delano Roosevelt, duine a raibh gaol i bhfad amach aici leis. Rugadh seisear páistí dóibh. Neacht le Theodore Roosevelt, 26ú huachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ab ea Eleanor freisin.
I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus Truman ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe, bhí páirt shuntasach aici i gcruthú na Náisiún Aontaithe (NA). Bhí sí sa chathaoir ar an gcoimisiún a dhreacht an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.