Eitleán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is eitleán ann ná aerárthach sciatháin dhobhogtha. Go prionsabálta, is cóir thaistil í atá ceaptha le heitilt a dhéanamh, agus í níos troime ná an t-aer. Sin é an difríocht idir an t-eitleán agus an balún, nó bíonn na balúin agus na seipilíní níos éadroime ná an t-aer.
Fíricí Gasta Cineál, Oibreoir(í) ...
Cineál | sciathán dobhogtha agus powered aircraft (en) |
---|---|
Oibreoir(í) | Algerian Air Force (en) Argentine Army Aviation (en) Argentine Air Force (en) Argentine Naval Aviation (en) Chilean Air Force (en) Armed Forces of Chile (en) Chilean Naval Aviation (en) |
Cumhachtaithe ag | aircraft engine (en) |
Cumraíocht sciatháin | sciathán dobhogtha |
Dún
An fórsa a bhaineann an t-eitleán den talamh agus a choinníonn ar eiteog í, is é sin, an t-ardú, cruthaítear é nuair atá sciathán an eitleáin ag gluaiseacht go sciobtha in éadan an aeir. Ansin, bailítear an t-aer taobh thíos den sciathán, ionas go sáraíonn brú an aeir taobh thíos an brú taobh thuas.