![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/20/Dunoon_from_above_the_Firth_of_Clyde_-_geograph.org.uk_-_1143850.jpg/640px-Dunoon_from_above_the_Firth_of_Clyde_-_geograph.org.uk_-_1143850.jpg&w=640&q=50)
Earra-Ghàidheal
From Wikipedia, the free encyclopedia
Seanshír in iarthar na hAlban is ea Contae Earra-Ghàidheal (Earraghael i nGaeilge na hÉireann).[1] Is ionann a cheantar agus nuacheantar Chomhairle Earra-Ghàidheal agus Bòd seachas Eilean Bhóid agus ceantar Bhaile Eilidh, ach tá na ceantair A' Mhorbhairne agus Àird nam Murchan de chuid Chomhairle na Gàidhealtachd san áireamh.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 64,446 (2011) ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Albain ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Éarlamh | Naomh MoLuag ![]() |
Is é an chéad choilíneacht Ghaelach in Albain é, agus is ionann a cheantar agus Dál Riata den chuid is mó. Tá a lán láithreán stairiúil ann, mar shampla ag Dún Athad.
Cuimsíonn Earra-Ghàidheal Earra-Ghàidheal Meadhanach, Latharn, na leithinisí Cinn Tìre agus Cómhghall, agus na hoileáin (Íle, Diùra, Colbhasa, Muile, Giogha).
Is iad na bailte is mó ann ná an t-Óban, Inbhir Aora, Ceann Loch Gilb, agus Ceann Loch Chille Chiaráin.