Eaglais Ateachtach an tSeachtú Lá
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is sainchreideamh Críostaí Protastúnach í Eaglais Ateachtach an tSeachtú Lá.[1] Creideann baill den eaglais gurb é an Satharn,[2] an seachtú lá den tseachtain san fhéilire Críostaí (Gréagórach) agus san fhéilire Eabhrach, an tSabóid.[1] Creideann siad freisin gur gearr uainn Ateacht Íosa Críost, agus cuireann siad teagasc an díothúchánachais (is é sin go ndíothófar na daoine damanta go léir in áit iad a dhaoradh chun ifrinn) chun cinn. Shíolraigh an eaglais as an ngluaiseacht Millerite sna Stáit Aontaithe i lár an 19ú haois, agus bunaíodh go foirmiúil í sa bhliain 1863.[3] I measc a comhbhunaitheoirí bhí Ellen G. White, bean a bhfuil ardmheas ag an eaglais ar a cuid scríbhinní fós.[4]
Fíricí Gasta Sonraí, Ainm gearr ...
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | SDA, EASJ, STA, 安息日会, 安息日會, АСД, 안식일교, AZȘ, YGA, CASD, IASD, ZDA, IASD agus KADS | ||||
Cineál | sainchreideamh Críostaí eagraíocht Chríostaí eagraíocht | ||||
Reiligiún | An Chríostaíocht | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 21 Bealtaine 1863, Battle Creek | ||||
Bunaitheoir(í) | Joseph Bates, Ellen G. White, James White agus J. N. Andrews | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Limistéar oibriúcháin | domhanda | ||||
Ball de | Cumann Eaglaisí Críostaí sa Ghearmáin Verband Deutscher Zeitschriftenverleger Vereinigung Evangelischer Freikirchen Bundesverband Kulturarbeit in der evangelischen Jugend | ||||
Ballraíocht | 22,127,000 (2022) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú (1989–) | |||||
Úinéir de | |||||
Le cuid | |||||
Cuid de | Seventh-day Adventism (en) | ||||
Suíomh gréasáin | adventist.org… | ||||
Dún