Déithe Ceilteacha
déithe agus bandéithe reiligiún na gCeilteach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is léir go raibh paintéón ag na Ceiltigh ársa, inchomórtais le dreamanna Ind-Eorpacha eile, gach ceann acu nasctha le gnéithe áirithe den saol agus den domhan nádúrtha. Tá aithne orthu as iomaí foinsí, ionaid adhartha, dealbha, inscríbhinní, réada cultais, logainmneacha agus ainmneacha pearsanta san áireamh.
Níl ach pas beag íomhánna ann dá ndéithe in ealaín Cheilteach roimh theacht na Rómhánach, agus is deacair é iad a aithniú de bharr easpa inscríbhinní. Faightear níos mó fianaise i ndiaidh concas na Rómhánach, a bhuí le híomhánna le hinscríbhinní agus scríbhneoirí Laidine. Feictear na déithe úd go héiginnte i luath-litríocht na Gaeilge agus na Breatnaise, óir gur scríobhadh iad siúd i bhfad i ndiaidh teacht na Críostaíochta.