polaiteoir Sasanach (rugadh 1966) From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Briotanach é Dàibhidh Camshron[1] nó David Cameron, a rugadh ar an 9 Deireadh Fómhair 1966. Tá sé ag feidhmiú mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ó 2023 i leith[2]. Roimhe sin bhí sé ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe ó 2010 go 2016, ina Cheannaire ar an bPáirtí Coimeádach ó 2005 go 2016, agus ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2005 go 2010, chomh maith le bheith ina Fheisire Parlaiminte (FP) do Witney ó 2001 go 2016. Aithníonn sé mar choimeádach aon-náisiúin, agus bhí baint aige le beartais liobrálacha ó thaobh na heacnamaíochta de agus le beartais liobrálacha sóisialta araon.
Rugadh David William Donald Cameron ar an 9 Deireadh Fómhair 1966 i Londain. Tógadh i bPeasemore in Berkshire é. Ba iad Ian Donald Cameron agus Mary Fleur Mount a thuismitheoirí. D'fhreastail sé ar Ollscoil Átha na nDamh (Béarla: Oxford University) agus chuaigh leis an bpolaitíocht.
Toghadh mar bhall de pharlaimint na Ríochta Aontaithe é sa bhliain 2001. Tháinig sé i gcomharbas ar Michael Howard mar cheannaire an Pháirtí Choimeádaigh sa bhliain 2005.
Tar éis an toghcháin náisiúnta sa bhliain 2010, chuir na Coimeádaigh agus an Páirtí Daonlathach Liobrálach (a bhí faoi cheannas Nick Clegg) comhrialtas ar bun. Ar an 11 Mí na Bealtaine 2010, ceapadh Dàibhidh Camshron mar phríomh-aire na tíre. Ceapadh Clegg mar leas-phríomh-aire.
2011. Thug Dàibhidh cúnamh do na reibiliúnaigh Libiacha. Dúirt Barack Obama ar an 7 Márta 2016 go raibh praiseach d'obair i Libia, agus chuir sé cuid den locht ar Dhàibhidh Camshron.[3]
Tar éis an toghcháin náisiúnta ar an 8 Bealtaine 2015, bhí an bua ag na Coimeádaigh, gan an Páirtí Daonlathach Liobrálach, faoi cheannas Dàibhidh Camshron.[4]
De bharr reifreann a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh 2016 agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, bhí rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE.
D'éirigh Dàibhidh as príomh-aireacht na tíre i mí Lúnasa 2016 tar éis do mhuintir na Breataine cúl a thabhairt don Aontas Eorpach.[5]
Sa bhliain 2016, chuaigh Dàibhidh i mbun gnó mar 'sainchomhairleoir bainistíochta'. Ní raibh sé saor ó locht maidir leis an gconspóid 'Greensill' a bhliain 2021.[6] Bhí sé ag stocaireacht ar pholaiteoirí i Westminster agus ag cur tionscadail éagsúla faoina mbráid. Chuaigh an ciste infheistíochta Greensill i mbá in 2021.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.