![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4d/RAF-Logo.svg/langga-640px-RAF-Logo.svg.png&w=640&q=50)
Rote Armee Fraktion
From Wikipedia, the free encyclopedia
Drong radacach sceimhlitheoirí ón eite chlé a bhí i Rote-Armee-Fraktion ("Faicsean an Airm Dheirg"), nó Drong Baader-Meinhof mar ba mhinic a thugtaí uirthi sna nuachtáin) a bhí gníomhach i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ón bhliain 1970 go dtí an bhliain 1998.[1]
|
|||||
Ainmnithe in ómós | an tArm Dearg ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | RAF ![]() | ||||
Cineál | eagraíocht sceimhlitheoireachta urban guerrilla group (en) ![]() gníomhaí armtha neamhstáit eagraíocht armtha ![]() | ||||
Cuspóir an tionscadail nó gníomhaíocht | réabhlóid na prólatáireachta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Marxachas-Leiníneachas sóisialachas réabhlóideach frithimpiriúlachas ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1970 | ||||
Bunaitheoir(í) | Ulrike Meinhof, Gudrun Ensslin, Andreas Baader agus Horst Mahler ![]() | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 20 Aibreán 1998 ![]() | ||||
Suíomh a chartlainne | |||||
Gníomhaíocht | |||||
Limistéar oibriúcháin | An Ghearmáin Thiar agus an Ghearmáin ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Uachtaránacht | Andreas Baader Horst Mahler Gudrun Ensslin Ulrike Meinhof Jan-Carl Raspe ![]() | ||||
B'iad Andreas Baader, Gudrun Ensslin, Ulrike Meinhof, Horst Mahler agus daoine eile a bhunaigh an drong sa bhliain 1970, faoi thionchar an radacachais chlé agus an fhrithimpiriúlachais a bhí faiseanta san am. Bhí siad ag déanamh aithrise ar na treallchogaithe cathartha i Meiriceá Theas, go háirithe na Tupamaros in Uragua. Mharaigh sceimhlitheoirí na droinge 34 duine, robáil siad a lán bancanna, agus rinne siad a lán buamálacha. Sa bhliain 1998, d'fhógair siad go raibh siad éirithe as an bhfeachtas míleata.
Is é an t-ainm a thug an drong uirthi féin ná Rote-Armee-Fraktion nó RAF, ach ba nós leis na nuachtáin iad a ainmniú as Andreas Baader agus Ulrike Meinhof. Bhí clú áirithe ar Meinhof mar iriseoir radacach sular tháinig an drong sceimhlitheoireachta ar an bhfód. Bhí ról ní ba thábhachtaí ag Gudrun Ensslin sa drong, áfach.
Chuir Baader agus Ensslin lámh ina mbásanna féin i bPríosún Stammheim i Stuttgart sa bhliain 1977, bliain amháin i ndiaidh Meinhof. Tháinig Horst Mahler slán, agus chuaigh sé le radacachas na heite deise agus leis an Nua-Naitsíochas ina dhiaidh sin.
Sa bhliain 2008, scannánaigh an stiúrthóir Gearmánach Uli Edel scéal na droinge faoin teideal Der Baader-Meinhof-Komplex ("Coimpléasc Baader agus Meinhof"). Bhunaigh sé an scannán ar leabhar leis an iriseoir Gearmánach Stefan Aust.