Drochaid a' Chòta
áit lonnaithe i gComhairle Siorrachd Lannraig a Tuath / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is baile é Drochaid a' Chòta (An Béarla Gallda: Cotbrig nó Coatbrig) [1]. atá suite in gComhairle Shiorrachd Lannraig a Tuath. Tá sé i ngar do Glaschú. Tá pobal mór Éireannach ann.
Drochaid a' Chòta | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | ||||
Limistéar comhairle in Albain | Comhairle Shiorrachd Lannraig a Tuath | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 43,960 (2016) | ||||
• Dlús | 2,489.38 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 6.818 mi² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | ML5 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Thosaigh stair nua-aimseartha Dhrochaid a' Chòta sa 19ú haois. D'oscail Rèile Bad nam Manach is Cair Ceann Tulaich ann sa bhliain 1826 agus tugadh an leasainm "Crewe Tuathach" [2] ar an bhaile. Chuaigh a lán daoine as Éirinn ar imirce go dtí an áit chun obair ins na hoibreacha iarainn, agus de réir an daonáirimh sa bhliain 1851m rugadh 35.2% de mhuintir Dhrochaid a' Chòta in Éirinn, i gcomparáid le 7.2% in Albain ina iomláine. Sa bhliain 2001 bhí 41,170 duine ina gcónaí anseo.
Cé gur lean an tionscal trom ar aghaidh i nDrochaid a' Chòta ar feadh blianta fada, mar gheall ar stailceanna agus dúlagar eacnamaíoch sna 1920idí, múchadh foirnéisí Summerlee den uair dheireanach sa bhliain 1926. Ag deireadh na 1930idí, leagadh an láithreán agus clúdaíodh iarsmaí na n-oibreacha iarainn.