Dolores O'Riordan
amhránaí Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
B'amhránaí Éireannach í Dolores Mary Eileen O'Riordan (6 Meán Fómhair 1971 i Luimneach - 15 Eanáir 2018 i Londain). An príomhamhránaí sa ghrúpa The Cranberries ab ea í.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Dolores Mary Eileen O'Riordan 6 Meán Fómhair 1971 Baile Uí Bhricín Thuaidh (Éire) |
Bás | 15 Eanáir 2018 46 bliana d'aois Mayfair (an Ríocht Aontaithe) |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Titim) |
Áit adhlactha | Baile Hiobaird |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol agus amhránaíocht |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir, giotáraí, amhránaí |
Tréimhse oibre | 1989 – 2018 |
Ball de | |
Seánra | Rac malartach, popcheol rac, rac Ceilteach, rac-cheol tíre, jangle pop (en) , popcheol brionglóide, rac indie agus iarghrúinse |
Faoi thionchar | Duran Duran agus The Smiths |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Meánsoprán |
Uirlis | Ceol gutha, uirlis mhéarchláir, giotár, feadóg stáin, fliúit agus maindilín |
Lipéad ceoil | Interscope Records Cooking Vinyl Sanctuary Records Rounder Records |
Teaghlach | |
Céile | Don Burton (1994–2014) |
Suíomh gréasáin | doloresoriordan.com |
|
Bhain Dolores O'Riordan cáil idirnáisiúnta amach leis na Cranberries. Dhíol The Cranberries níos mó ná daichead milliún dlúthdhiosca ar fud an domhain.[2]. Ba ag tús na 1990í a tháinig Dolores agus an banna i mbéal an phobail ar dtús leis na halbaim Everybody Else Is Doing It, So Why Can’t We? agus No Need to Argue agus lean cáil mhór idirnáisiúnta sna blianta ina dhiaidh.
Scríobh O'Riordan cuid mhór de na hamhráin a chan sí í féin. Ba é an bua ba mhó a luaití le rath na Cranberries ná guth binn sainiúil an Ríordánaigh.[3] Bhí glór Dolores an-difriúil, agus chan sí i gcónaí lena blas Éireannach[4]