Dara Éirí Amach i nDeasumhain
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é an Dara Éirí Amach i nDeasumhain (1579-1583) an t-éirí amach b’fhairsing agus b’fhuilteach den dá cheann i nDeasmhumhain, a thosaigh ríshliocht Mhic Gearailt Dheasmhumhan i gCúige Mumhan, Éire, in aghaidh fhorlámhas coimhthíoch na Sasanach in Éirinn.
Dara Éirí Amach i nDeasmhumhain | |||
Dáta: | 18 Iúil 1579 – 11 Samhain 1583 | ||
Toradh: | Bua na Sasanach, Gorta ar fud na Mumhan, agus Plandáil na Mumhan | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
Slua | |||
| |||
Taismigh | |||
|
Thosaigh an dara éirí amach seo i mí Iúil na bliana 1579, nuair a tháinig Séamus Mac Muiris Mac Gearailt i dtír in Éirinn, agus fórsa de chuid arm an Phápa ina theannta aige. Spreag an eachtra seo éirí amach fud fad dheisceart na tíre, i measc iadsan a bhí báúil do ríshliocht Mhic Gearailt agus a bhí míshásta le Rialtas Shasana sa tír ar chúiseanna éagsúla. Nuair a tháinig an troid chun deiridh, bhí na ceannaircí cloíte, agus bhí Gearóid Mac Gearailt, an 15ú hIarla Dheasmhumhan, básaithe.
Bhí cúiseanna éagsúla leis an reibiliún agus iad go léir chomh suntasach céanna, lena n-áirítear:
- gearán na n-iarlaí feodacha in aghaidh ionsá nó cur isteach an Rialtais lárnaigh (Londain) ar a gcuid gnóthaí;
- freagairt choimeádacha na nÉireannach in aghaidh polasaithe na Sasanach, a bhí ag tabhairt dúshlán do shochaí traidisiúnta na nGael;
- agus cosaint an Chaitliceachais in éadan rialach Bhanríona Protastúnaí a bhí tar éis a bheith fógartha ina heiriceach in 1570 sa bhulla de chuid an Phápa, Regnans in Excelcis.
Mar thoradh ar theip an dá éirí amach, tharla léirscrios ar ríshliocht Dheasmhumhan agus plandáladh na críocha siúd le coilínigh ó Shasana ina dhiaidh sin - Plandáil na Mumhan - sa bhliain 1585.
Chomh maith leis sin, rinneadh cuid mhaith d'uachtar na hÉireann a bhánú faoin am gur stad an troid. Ceaptar go bhfuair suas le trian de dhaonra na Mumhan bás de dheasca gorta agus galair ar thorthaí den chogadh iad.