From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Damaisc (دمشق) príomhchathair na Siria. Bhí tuairim is 1,700,000 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2006.
An Damaisc | |||||
---|---|---|---|---|---|
دمشق (ar) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Tír | an tSiria | ||||
Governorate of Syria (en) | Damascus Governorate (en) | ||||
Príomhchathair de | an tSiria (1945–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,584,771 (2023) | ||||
• Dlús | 24,616.87 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Hauran (en) | ||||
Achar dromchla | 105 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Barada | ||||
Airde | 680 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Bishr Al Sabban (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 011 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | damascus.gov.sy |
Tá sí suite cois Barada in iardheiscearrt na tíre 80km (50 míle) slí ó chósta thoir na Meánmhuire, ar ardchlár 680m (2,200 troigh) os cionn leibhéil na farraige. Tá an aeráid breacthúr.
Roghnaíodh an Damaisc mar phríomhchathair Arabach an chultúir sa bhliain 2008.[1]
Is cathair ársa í an Damaisc agus baineann tábhacht ar leith léi sa Leiveaint ó thaobh an chultúir agus an reiligiúin de.
Bunaíodh an chathair sa dara mílaois roimh Chríost, agus bhí sí mar phríomhchathair ag chéad ríshliocht na gCailifí Muslamacha, síol Umayya, ó 661-750. Tar éis bhua na n-Abasach, tháinig Baghdad i gcomharbas uirthi mar phríomhchathair na cailifeachta oirthearaí agus tháinig meath ar an Damaisc.
Athbheochan a bhí i gceist le ré na n-Ayyubid agus na Mamalúcach sa Damaisc.
Faoi smacht na nOtamánach, tháinig meath mór uirthi. Fógraíodh ríocht neamhspleách Arabach na Siria inti, faoin rí Faisal, sa bhliain 1920, ach cúpla mí ina dhiaidh sin, ghabh na Francaigh an chathair faoi chomhaontú le comhghuaillithe buacacha eile an Chéad Chogaidh Dhomhanda.[2] In 1922, thug Conradh na Náisiún mandáid dóibh ar an tSiria agus an Liobáin[3]. Roghnaíodh an Damaisc mar phríomhchathair don tSiria tar éis don tír sin a neamhspleáchas a bhaint amach i 1946.
Is í an Damaisc príomhionad oideachais na Siria. Is í Ollscoil na Damaisce an ollscoil is mó agus is sine sa tír.
Tá sacar, cispheil, snámh agus leadóg bhoird coitianta sa Damaisc. Is iomaí club spóirt atá lonnaithe sa chathair, mar shampla clubanna sacair Al-Jaish, Al Wahda agus Al Majd.
Is í Páirc Tishreen an pháirc is mó sa chathair. Bíonn seó bláthanna ar siúl sa pháirc gach bliain. Tá páirceanna Al-Jahiz, Al-Sibki, AlTijara agus Al-Wahda suite sa Damaisc chomh maith.
Tá Aerfort Idirnáisiúnta na Damaisce tuairim is 20km ó lár na cathrach. Tá mionbhusanna an-tábhachtach san iompar poiblí sa Damaisc agus tá tuairim is 100 líne sa chathair.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.