Dúnmharú George Floyd
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla dúnmharú George Floyd, fear ón gcine gorm, i Minneapolis ar 25 Bealtaine 2002, tar éis do na póilíní é a ghabháil.[1] Sáinníodh Floyd ar an talamh agus choinnigh póilín, Derek Chauvin a ghlúin ar a mhuineál nó go bhfuair sé bás tar éis breis is naoi nóiméad.
Fíricí Gasta Cineál, Suíomh ...
| ||||
Cineál | dúnmharú Brúidiúlacht na bpóilíní sna Stáit Aontaithe | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 25 Bealtaine 2020 | |||
Suíomh | Powderhorn, Minnesota | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cúis | brúidiúlacht na bpóilíní | |||
Ba chúis leis | agóidí George Floyd cás in aghaidh Derek Chauvin 2020 Eulogy of Al Sharpton at the George Floyd Funeral (en) | |||
Íospartach | George Floyd íospartach dúnmharú | |||
Líon básanna | 1 | |||
Líon gortaithe | 0 | |||
Déantóir na coire | Derek Chauvin (garda, dúnmharfóir) | |||
Haischlib | #GeorgeFloyd, #Icantbreathe agus #Sayhisname |
Dún
Bhí slua ann ag breathnú ar an eachtra nuair a tachtadh Floyd. Rinneadh scannánú ar an eachtra. Ghlac Darnella Frazier, bean óg (17 bliain ag an am), an físeán den dúnmharú.[2]
Cor cinniúnach ba ea an cás Floyd i stair Mheiriceá maidir le freagracht na bpóilíní.[3] Bhí cosúlachtaí idir cás George Floyd agus ionsaithe ciníocha eile, mar shampla cás Amadou Diallo, Sean Bell agus go leor eile.[4]