Dé-óid thollánach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Comhchumar leathsheoltóra ina mbíonn na leathsheoltóirí dópáilte go tiubh ionas go mbíonn an crios comhchumarach an-tanaí ar fad. Tarlaíonn an cliseadh ag voltas beag cúl-laofachta, agus níl aon raon ina bhfuil an fhriotaíocht cúl-laofachta an-ard. Bíonn friotaíocht dhiúltach aici thar chuid dá raon feidhmithe, agus úsáidtear í in aimplitheoirí is ascaltóirí ardmhinicíochta.
Leo Esaki a cheap an dé-óid thollánach sa bhliain 1957 agus é ag obair le Tokyo Tsushin Kogyo (ar a dtugtar Sony anois).[1]