From Wikipedia, the free encyclopedia
Is bia déanta de taos milis a fhuintear é císte. Déantar plúr, uibheacha, siúcra agus comhábhair eile a mheascadh le chéile chun císte a dhéanamh. Cuirtear an taos i mias nó soitheach eile agus cuirtear in oigheann é chun é a fhuineadh. Athraítear cumadh agus uigeacht an bhia fad is atá sé san oigheann.
Maisítear an císte le rudaí éagsúla ar nós uachtar buailte, subh, siúcra, seacláid, torthaí, milseáin, cnónna agus ábhair eile nach iad.
Itear cístí de ghnáth mar mhilseog nó mar scroid fad is atá tae, caife nó sú á ól. Gearrtar an císte agus tugtar míreanna de do dhaoine le n-ithe.
Itear iad chun imeachtaí a cheiliúradh ar nós laethanta breithe, bainis nó chun lá áirithe a chomóradh. Go minic scríobhtar teachtaireacht ar an gcíste do dhuine áirithe.
Más ceiliúradh áirithe é, cuirtear coinnle ar lasadh ar mhullach an chíste agus tugtar cuireadh do dhuine faoi leith iad a mhúchadh le séid mhór.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.