![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fc/CERN_LHC_Tunnel1.jpg/640px-CERN_LHC_Tunnel1.jpg&w=640&q=50)
Cáithnín fo-adamhach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sna heolaíochtaí fisiceacha, tá cáithníní fo-adamhacha níos lú ná adaimh. Is féidir leo a bheith ina gcáithníní chomhchodacha, mar an neodrón agus an prótón; nó ina bhuncháithníní, nach ndéantar as cáithníní eile, de réir na samhla caighdeánaí. Déanann fisic na gcáithníní agus an fhisic núicléach staidéar ar na cáithníní seo agus ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad. Mionchoigeartaíodh coincheap na gcáithníní fo-adamhach nuair a léirigh turgnaimh go bhféadfadh an solas é féin a iompar mar shruth cáithníní (ar a dtugtar fótóin) chomh maith le hairíonna cosúil le tonnta a thaispeáint. Dá bharr seo, "déacht toinne is cáithnín" an toradh a bhí ar an choincheap seo, ag léiriú go n-iompraíonn cáithníní iad féin cosúil le cáithníní agus tonnta araon. Deir coincheap eile, prionsabal na héiginnteachta, nach féidir cuid dá n-airíonna a thógtar le chéile, amhail a suíomh comhuaineach agus a móiminteam, a thomhas go díreach. Taispeánadh go mbaineann déacht toinne is cáithnín ní hamháin le fótóin ach le cáithníní níos ollmhó freisin.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fc/CERN_LHC_Tunnel1.jpg/640px-CERN_LHC_Tunnel1.jpg)
Tuigtear go bhfuil idirghníomhartha cáithníní faoi chreat coincheapúil na réimsetheoirice candamaí mar chruthú agus díothú candaim na n-idirghidirghníomhartha bunúsacha comhfhreagracha. Meascann sé seo fisic na gcáithníní leis an réimsetheoric chandamach.
Fiú amháin i measc fisiceoirí cháithníní, bíonn sainmhínithe éagsúla acu ar cháithnín. I measc na n-iarrachtaí gairmiúla seo ar shainmhíniú cáithnín tá:
Is éard atá i gcáithnín ná tonnfheidhm shleabhctha Is éard atá i gcáithnín ná floscadh candamach réimse. Is éard atá i gcáithnín ná léiriú dolaghdaithe den ghrúpa Poincaré D’fhéadfadh gur téad chreathach é an cáithnín Rud a thomhaiseann muid i mbrathadóir is ea cáithnín