Cruinniú Mullaigh Bhúcairist
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cruinniú mullaigh de chuid na heagraíochta míleata ECAT (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh) a bhí i gCruinniú Mullaigh Bhúcairist 2008 nó an 20ú Cruinniú Mullaigh ECAT a eagraíodh i bPálás na Parlaiminte, Búcairist, an Rómáin ar an 2 – 4 Aibreán 2008.[1] I measc gnóthaí eile, tugadh cuireadh don Chróit agus don Albáin a bheith páirteach sa Chomhghuaillíocht. Níor tugadh cuireadh d' Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine mar gheall ar an aighneas leanúnach maidir le hainmniúchán leis an nGréig. Bhí súil ag an tSeoirsia agus ag an Úcráin a bheith páirteach i bPlean Gníomhaíochta Ballraíochta ECAT,[2] ach, cé go bhfáiltíonn siad roimh uaillmhianta an dá thír maidir le ballraíocht agus gur aontaigh siad “go mbeidh na tíortha seo ina gcomhaltaí de ECAT”, chinn feisirí ECAT athbhreithniú a dhéanamh ar a n-iarratas i mí na Nollag 2008..[3]
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) 2008 Bucharest summit |
---|---|
Cineál | cruinniú mullaigh de chuid ECAT |
Tréimhse | 2 - 4 Aibreán 2008 |
Dáta na bliana | 2008 |
Suíomh | Búcairist, An Rómáin |
Tír | an Rómáin |
An eagla go bhfuil ECAT ag teacht chun cinn i comhghuaillíocht dhomhanda de na teiteanais, agus an toradh is dócha a bheidh air go mhéadófaí an polarúchán agus an míleatú i ngnóthaí idirnáisiúnta, bhí agóidí ag Ceanncheathrú ECAT sa Bhruiséil coicís roimh an gcruinniú mullaigh, agus i mBúcairist. agus i mBúcairist. Dhírigh lucht agóide ar chinneadh athnuaite ECAT airm núicléacha a úsáid agus tacaíocht ECAT do sciath frithdhiúracáin na SA.